ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accuse a person of sth., rud a chur i leith duine, a chasadh le duine, a chur síos do dhuine, a fhágáil ar dhuine.
It affects me personally, tá baint ar leith aige liomsa.
The alleged thief, an té ar cuireadh an ghadaíocht síos dó, ina leith.
A class apart, aicme, cineál, ar leith.
I took him aside, thug mé ar fhód ar leith é.
To pay particular attention to sth., aird ar leith a thabhairt ar rud.
(Of a work, etc.) It has a certain cachet, tá slacht ar leith air.
To address a chosen few, labhairt le dream beag ar leith.
Under separate cover, i gclúdach ar leith.
Distinguishing mark, comhartha m ar leith.
Extra-special wine, fíon rímhaith, fíon ar leith ar fad.
Shop that makes a feature of its China tea, siopa a dhéanann cúram ar leith de thae na Síne.
Under, in, the guise of friendship, ar scáth, i leith, cairdeasa.
F: He is hard as nails, (i) tá miotal ar leith ann; (ii) níl trócaire ar bith ann.
To impute an action to s.o., gníomh a leagan ar dhuine, gníomh a chur i leith duine.
A peculiarity in young people, tréith ar leith de chuid na hóige.
Isolated case, cás ar leith, aonarach.
In isolation, ar leith, in uaigneas.
Jointly and severally liable, freagrach le chéile agus ar leith.
They keep to themselves, fanann siad ar leith leo féin.
Honourable mention, moladh m ar leith.
To be open-minded on a subject, gan bheith i leith taoibh ar bith.
Our particular wrongs, na héagóracha ar leith atá á n-imirt orainn féin.
To take particular care of sth., aire ar leith a thabhairt do rud.
A matter of peculiar interest, cúrsa a bhfuil spéis ar leith le cur ann.
Don't be personal, ná tagair d'aon duine ar leith.
To indulge in personalities, bheith ag caint, ag gearradh, ar dhaoine ar leith.
To speak to s.o. privately, labhairt le duine ar fhód ar leith.
He played a prominent part in that affair, bhí lámh ar leith aige sa ghnó sin.
To ride astride, marcaíocht i gcois dá leith, ar scaradh gabhail.
Select party, dream beag ar leith.
Entered in a separate column, i gcolún ar leith.
To set the women apart, na mná a chur ar leith leo féin.
The several members of the committee, gach bail ar leith den choiste.
Our several rights, cearta gach duine ar leith againn.
To speak up for s.o., labhairt ar son duine, i leith duine.
To take special care over sth., aire ar leith a thabhairt do rud.
He went away supposedly to fetch help, d'imigh sé leis, i leith agus gur ar thóir cabhrach a bhí sé.
He talked down to the audience, chuaigh sé ar an tsimplíocht leis an lucht éisteachta, mhaolaigh sé a chuid cainte don lucht éisteachta (i leith agus gur dhaoine simplí iad).
From youth upwards he showed talent, ó thús a óige i leith bhí éirim le haithint air.