Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: caill · céile · céilí · céillí · cill
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To acquaint s.o. with sth., rud a chur in iúl, a chur i gcéill, do dhuine.
He was only acting a part, ní raibh ina ghnóthaí ach cur i gcéill.
F: It is mere acting, níl ann ach cur i gcéill.
He affects to be an artist, cuireann sé i gcéill gur ealaíontóir é.
He affects the high-brow, cuireann sé i gcéill gur duine intleachtach atá ann.
His piety is only a blind, níl ina chuid cráifeachta ach cur i gcéill.
Abs.He was bluffing, ag cur i gcéill, ag cluanaíocht, a bhí sé.
F: They compared notes, chuir siad a gcuid tuairimí i gcéill dá chéile.
He did not succeed in conveying his meaning to them, níor éirigh leis é féin a chur i gcéill dóibh.
He took the credit for it, chuir sé i gcéill gur dó féin a bhí an chreidiúint ag dul.
To throw off all disguise, éirí as an gcur i gcéill.
He loved her to distraction, bhí sé sa chéill ab aigeantaí aici.
F: That's all eye-wash, níl ansin go léir ach cur i gcéill, ach seafóid.
Style free from affectation, stíl a bheadh saor ó chur i gcéill.
(As a threat) You will hear from me later on! cuirfidh mise i gcéill duit é ar ball.
There's no humbug about him, níl aon chur i gcéill ag baint leis.
You seem to imply that . . ., shilfeadh duine gurb é an rud atá i do cheann go . . ., gurb éard atá á chur i gcéill agat go . . .
He was setting up for a person of importance, bhí sé ag cur i gcéill gur dhuine mór é.
To insinuate sth., rud a mhaíomh, a thabhairt le tuiscint, a chur i gcéill, go neamhdhíreach.
He kids himself that . . ., tá sé á chur i gcéill dó féin go. . .
To throw off, drop, the mask, éirí as an gcur i gcéill.
This work is only a mockery, níl san obair seo ach cur i gcéill.
It is natural that. .., tá sé le céill go . . .; luíonn sé le réasún go . . .
As is natural, rud atá le céill.
He passes himself off as a scholar, tá sé ag cur i gcéill gur scoláire é.
I can’t speak any plainer, ní thig liom a chur i gcéill a dhath níos soiléire.
I don't pose as a scholar, níl mé ag cur i gcéill gur scoláire mé.
To profess oneself to be interested in Irish, a chur i gcéill go bhfuil spéis sa Ghaeilge agat.
He represents himself as a model of virtue. cuireann sé i gcéill gur fíréan cruthanta é féin.
To set (oneself) up as a writer, a chur i gcéill gur scríbhneoir thú.
That's all sham, níl ansin ach cur i gcéill.
He is a sham, cur i gcéill ar fad é.
That supposes the perfectibility of man, ní mór chuige sin, cuireann sin i gcéill, an duine a bheith infhoirfe; is ionann sin agus a rá, fágann sin, go bhfuil an duine infhoirfe.
I’ll talk to him! cuirfidh mise i gcéill dó é!
He was violently in love with her, bhí sé sa chéill ab aigeantaí aici.
F: That is all window-dressing, níl ansan ar fad ach cur i gcéill.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht