ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: He was bewildered, rinneadh cíor thuathail de.
F: The country is in a state of chaos, tá an tír ina cíor thuathail, ina bhrachán.
She gave her hair a comb, tharraing sí an chíor trína gruaig.
It is in a state of commotion, tá sé ina rachlas, ina chíor thuathail.
To chew the cud, an chíor a chogaint.
To examine a question thoroughly, ceist a chíoradh go mion, a chriathrú. v.i.
To examine into the matter, an scéal a bhreathnú, a chíoradh,
F: To freshen s.o. up, priocadh agus cíoradh a dhéanamh ar dhuine, duine a phointeáil.
His hands are full, tá a bhonn is a chíoradh air.
Well-groomed, (i) (capall) sleamhain cíortha; (ii) F: (of pers.) pioctha bearrtha; cíortha glanta.
He has his hands full, tá a bhonn agus a chíoradh air; tá a shá ar a chúram.
F: He was under the harrow, fuair sé a chíoradh; cuireadh triail chrua air.
Horn-comb, cíor adhairce.
Mil: To mop up the trenches (after an attack), na trinsí a chartadh, a chíoradh.
To reason on, about, a subject, ábhar a chíoradh.
To search men's minds, intinn an duine a chíoradh.
Set of teeth, cíor fhiacal.
He must shift for himself now, tá a bhun agus a chíoradh air féin anois.
To sit on s.o., a chíoradh a thabhairt do dhuine; duine a chur ina thost.
At sixes and sevens, trína chéile, ina chíor thuathail.
Tangled skein, cíor thuathail; cathair f gríobháin.
Small-toothed comb, cíor mhín.
To be in a stew, bheith trí chéile, bheith i do chíor thuathail.
(Of pers.) To be in a tangle, bheith i do chíor thuathail.
To thrash out a question, scéal a chardáil, a chíoradh.
Second teeth, an dara cíor.
A fine set of teeth, déad, drad, cíor, bhreá.
To break the teeth of a comb, cíor a bhearnú.
To turn everything topsy-turvy, cíor thuathail a dhéanamh den uile shórt.
He turned the idea over in his mind, thug sé a chíoradh don scéal ina intinn; chuir sé an scéal trí chéile ina intinn féin.
To turn everything upside down, cíor thuathail a dhéanamh de gach rud.
To weigh sth. (up) in one's mind, scéal a chíoradh, a chur trí chéile, i d'intinn.
To give s.o. a good wigging, a cheann a chíoradh go maith do dhuine.
F: To worry out a problem, fadhb a chíoradh agus a réiteach.