ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To cast off the old Adam, droch-chlaonta an nádúir a chur faoi chois.
Addiction to evil, claon m chun an oilc.
At an angle, ar fiar, ar claonadh.
He nodded approval, chlaon sé a cheann á insint go raibh sé sásta.
He has a bent towards it, tá claonadh aige leis, tá a thoil leis, tá luí aige leis. S.a. TOP1 I. 6.
He bowed his assent, chlaon sé, sméid sé, a cheann ag insint go raibh sé sásta.
To bow one's thanks to s.o., an ceann a chlaonadh do dhuine mar chomhartha buíochais.
The ball breaks, preabann an liathróid go claon.
A look out of the corner of one’s eye, dearcadh fiar, claon.
Crick in the neck, claon m adhairte; luí m cam.
To disincline s.o. to sth., to do sth., duine a chlaonadh in aghaidh ruda, leisce a chur ar dhuine rud a dhéanamh.
I am disposed to believe that . . ., tá claonadh agam a chreidiúint go ...
Disposition to do sth., claonadh m chun, luí le, rud a dhéanamh.
He is strict but fair, má tá sé dian níl sé claonta.
He administered justice, without fear or favour, chuir sé an dlí i bhfeidhm gan chamadh gan chlaonadh.
To look on s.o. with a favourable eye, bheith claonta i leith duine.
The flesh is weak, tá an cholainn claon.
To frame s.o. for, to, sth., duine a chlaonadh chun ruda.
To incline the heart towards evil, an croí a chlaonadh chun oilc.
Inclined at an angle of 45°, claonta ar uillinn 45°.
To incline to the left, claonadh ar clé.
He is that way inclined, tá an claonadh sin ann.
Ingrained prejudices, claonta (a bheadh) fite fuaite i (nduine); claonta dúchasacha.
He leans towards mercy, tá claonadh chun na trócaire ann.
He answered with a nod, chlaon sé a cheann mar fhreagra.
To nod one's head, do cheann a chlaonadh.
To nod assent, aontú le claonadh den cheann.
To act in a partisan spirit, beartú go claonta.
A perversion of the truth, claonadh ar an bhfírinne; cur m na fírinne as a riocht.
Special pleading, argóint chlaonta.
To have a prejudice against sth., bheith claonta in aghaidh ruda roimh ré.
To be prone to sth., to do sth., claonadh a bheith agat le rud (a dhéanamh); bheith tugtha do rud (a dhéanamh).
Receding forehead, éadan m claon.
A rick in the neck, claon m adhairt.
He runs to sentimentality, tá claonadh chun maoithneachais ann.
To seduce s.o. from his duty, duine a chlaonadh óna dhualgas.
Slanting hand-(writing), scríbhneoireacht chlaonta.
Arms at the slope, airm ar claon.
To slope swords, claimhte a chur ar claon.
Mth: Steepness of curve, céim chlaonta lúibe.
He has suicidal tendencies, tá claonadh aige lena bhás féin a thabhairt.
Susceptibility to a disease, claonadh m chun galair, tugthacht f do ghalar.
Susceptible to a disease, claonta chun galair; tugtha do ghalar.
He was not sympathetic to the proposal, ní raibh claonadh ar bith aige leis an moladh.
To tend to do sth., claonadh m, luí m, a bheith agat le rud a dhéanamh.
Com: Prices show a strong upward tendency, tá claonadh láidir chun ardaithe faoi phraghsanna.
To tilt (up), claonadh in airde.
To tilt down, claonadh anuas.
To tilt backwards, claonadh ar gcúl.
It tilted over, (i) chlaon sé i leataobh; (ii) d'iompaigh sé droim ar ais.