ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
P: He's hanging on by his eyebrows, níl ann ach go dtig leis a ghreim a choimeád.
To keep s.o. going in food, bia a choimeád le duine.
To go with the times, coimeád gob ar ghob leis an aimsir; géilleadh do nós na haimsire.
I don't want to make you late, níor mhaith liom tú a choimeád déanach.
To ply s.o. with questions, ceisteanna a raideadh chun duine, a choimeád le duine.
To rule one's passions, srian a choimeád le do mhianta.
Nothing stands between you and the job, níl a dhath le tú a choimeád ón bpost.
He is unequalled, níl aon duine chun ceann cuinge a choimeád leis; níl a shárú ann.