TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
go with, v.i. 1 a Téim le, le cois, fara, i dteannta (duine). b Salary that goes with an office, tuarastal a ghabhann le hoifig. c To go with the times, coimeád gob ar ghob leis an aimsir; géilleadh do nós na haimsire. 2 Réitíonn le (rud); (of colours) tagann le, oireann do.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Nothing would do but I must go home with him, ní raibh aon mhaith aige ann go dtéinn abhaile leis.
She went away with her head down, d'imigh sí agus a ceann fúithi.
Go easy with the butter, tarraing go caol ar an im.
He went for them with his fists, ghabh sé de dhoirne orthu.
If all goes well with us, faoina bheith slán dúinn; ach sinn a bheith slán.
Go along with you! (i) bailigh leat (uaim)! (ii) cuir uait (an magadh)! huga leat!
He went away with the money, scuab sé leis leis an airgead; d'ardaigh sé an t-airgead chun siúil.
That won't go down with me, ní ghlacfaidh mise lena leithéid sin; ní mheallfar mise leis an saghas san.
To go in with s.o. in an undertaking, dul i bpáirtíocht le duine i ngnó.
To go off with sth., rud a scuabadh, a ardú, chun siúil.
I've got enough to go on with, tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo.
To go over a drawing with ink, dul siar ar líníocht le dúch.
He went through with it, thug sé chun críche é; chuaigh sé go bun an angair leis.
We've got to go through with it, níl dul as againn ach leanúint go deireadh na scríbe.
I will go with the greatest of pleasure, rachad agus fáilte.
Here stock-raising goes hand in hand with agriculture, bíonn tógáil beithíoch agus an churadóireacht ar siúl in éineacht anseo.
It will go hard with him, rachaidh sé rite leis.
It went ill with them, is olc a chuaigh sé dóibh.
I went there with the intention of staying, chuaigh mé ann agus rún agam fanacht.
To go to law with s.o., to have the law of s.o., an dlí a chur ar dhuine.
He went out with the ostensible object of. . . chuaigh sé amach mar dhea go, i leith agus go. . .
To go pari passu with, dul céim ar chéim le, bonn ar aon le.
Com: To enter, go, into partnership with s.o., dul i gcomhar, i bpáirtíocht, le duine.
Nothing goes right with me, níl rud ar bith ag éirí liom.
I was seized with a desire to go home, bhuail fonn láidir chun dul abhaile mé.
To go half shares with s.o., dul leath má leath le duine.
To go slow with one's provisions, an bia a choigilt; tarraingt caol ar an mbia.
I went with him, so as not to displease him, chuas in éineacht leis, leisce míshásamh a chur air.
He went on playing with spirit, d'imir sé leis go spionnúil.
Song that goes with a swing, amhrán a bhfuil gluaiseacht chroíúil leis.
They went on strike in sympathy with their fellows, chuadar ar stailc ag taobhú lena gcomhleacaithe.
To go and have a talk with s.o., dul chun cainte le duine.
To go with the tide, imeacht le sruth, san fheacht.
That was touch and go (with us), dóbair dúinn; ní raibh ann ach gur threabhaigh sinn.
He went there with a view to finding out the truth, d'iarraidh na fírinne a chuaigh sé ann.
And down he went with a wallop!, agus thit sé ina phleist.
It is gone with the wind, tá sé imithe le haer an tsaoil.
With these words he went away, nuair a dúirt sé sin, d'imigh sé.
Something went wrong with the lock, tháinig ainghléas éigin ar an nglas.
Away with you! get you gone! gread leat! greadaigí libh.