Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: wand · wend · wild · win · windy
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh wind »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
wind1, s. 1 a Gaoth f. The north wind, an ghaoth aduaidh. A north-east wind, gaoth anoir aduaidh. High wind, gaoth mhór. A light wind, gal ghaoithe. The wind is high, tá géarbhach gaoithe ann. A violent wind, stolladh m gaoithe. How is the wind? cén aird ghaoithe atá ann? Out of the wind, san fhothair. There was no wind, ní raibh smid ghaoithe ann. F: To see which way the wind blows, féachaint leis na cúrsaí a mharaíocht. There's something in the wind, tá rud éigin ar cois. To go like the wind, imeacht mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann, ar luas na gaoithe. It is gone with the wind, tá sé imithe le haer an tsaoil. Sow the wind and reap the whirlwind, ól gloine is caoin dabhach. P: To raise the wind, an cam a chur ar an tine; teacht ar iasacht airgid. He had the wind up, bhí eagla a chraicinn air. b Nau: Favourable wind, cóir f -ach. Head wind, gaoth i d'aghaidh, gaoth ghann. Following wind, gaoth ar an aighre; gaoth chúil. To sail, run, before the wind, imeacht le gaoth. We sailed with wind and tide, bhí sruth agus gaoth linn. In the teeth of the wind, in éadan na gaoithe. To sail into the wind, dul chun na gaoithe; baint den ghaoth. To sail off the wind, leagan fút. To sail close to the wind, dul lom ar an ngaoth; F: bheith ag rith ar tanaí. F: He took the wind out of my sails, tháinig sé taobh na gaoithe orm. Between the wind and the water, ar chraiceann an uisce; (of leak) idir slat agus béalbhach. c F: Gaotaireacht f. His promises are merely wind, níl ina chuid gealltanas ach gaoth mhór. 2 Ven: To get the wind of game, boladh m seilge a chur. F: If he gets wind of it, má fhaigheann sé gaoth an fhocail, cogar an scéil. 3 Med: Gaoth f. To break wind, bramadh. To bring up wind, brúchtadh. 4 Anáil f. To be in good wind, to have plenty of wind, anáil mhaith a bheith agat. To get one's second wind, an anáil a fháil leat. 5 Mus: The wind, na gaothionstraimí fpl. S.a. WOOD-WIND.
wind2, v.tr. 1 To wind the horn, an adharc a shéideadh. 2 a (Of hounds) Cuireann boladh (seilge), faigheann bonn. b Bainim an anáil de (dhuine); cuirim saothar anála ar (dhuine, chapall). c Tugaim cead breith ar a anáil do (chapall).
wind3, I v.i. Casann, tugann cor; (of river) sníomhann, lúbann. The plant winds round the pole, tá an planda casta ar an gcuaille. The road winds up the hill, tá an bóthar ag caismearnach suas taobh an chnoic. II   wind, v.tr. 1 Tochraisim (snáth, clog); casaim (clog). Fish: To wind in the line, an dorú a ghlinneáil. She wound a blanket round him, d'fhill sí pluid ina thimpeall; d'fhill sí i bpluid é. 2 To wind a bobbin, eiteán a líonadh. El.E: To wind a dynamo, armatúr a chasadh ar dhionamó. 3 To wind the clock, an clog a thochrais, a chasadh. 4 Min: Crochaim, ardaím (gual, etc.) ar unlas.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adverse wind, gaoth chinn.
Wind ahead, gaoth in aghaidh (na loinge).
If there is any wind at all, má tá (bhíonn) smid ar bith gaoithe ann.
Anti-trade winds, na fritrádghaotha fpl.
To apply a poultice to a wound, ceirín a chur le cneá.
They have the wind astern, tá an ghaoth leo.
Auspicious wind, cóir mhaith (gaoithe).
He had to battle against the wind, b'éigean dó streachailt in éadan na gaoithe.
Nau: To beat to windward, against the wind, bualadh chuige, baint den ghaoth.
Trade-wind belt, réigiún m, crios m, gaoithe trádála.
To bind a wound, bréid a chur ar chneá.
The wind bites the face, feannann an ghaoth an t-éadan.
Bitter wind, gaoth pholltach.
Blast of wind, rois f, soinneán m gaoithe.
The wind blew the rain against the window, bhí an ghaoth ag síobadh na báistí in éadan na fuinneoige.
v.tr.The wind blew in the door, chuir an ghaoth isteach an chomhla.
The wind is blowing in at the window, tá an ghaoth ag teacht isteach ar an bhfuinneog.
The wind blew his hat off, shíob an ghaoth a hata de; d'fhuadaigh a hata le gaoth.
There is not a breath of wind, níl aon phuth gaoithe ann.
(Of ship) Buffeted by the waves, by the wind, á tolgadh le tonnta, le gaoth.
The wound was burning, bhí an chneá athlasta.
Nau: A capful of wind, siota m gaoithe.
Nau: (Of sail, etc.) To catch the wind, an ghaoth a ghabháil.
Wind chart, cairt f gaoithe.
The wind blows chill, tá goimh sa ghaoth.
Chop of the wind, preabadh m na gaoithe.
Nau: The wind keeps chopping about, tá siúl ar an ngaoth.
Close to the wind, gar don ghaoth.
When the wind comes on to blow, nuair thosaíos an ghaoth ag neartú.
Infirmity consequent on a wound, deasca m cneá.
Contrary winds, gaotha contrártha; frithghaotha.
Contused wound, créacht brúite.
Cutting wind, gaoth fheannta.
The wind is down, tá an ghaoth lagtha.
(Of clouds, etc.) To drive before the wind, imeacht leis an ngaoth.
Easterly wind, gaoth anoir.
It is exposed to the wind, tá bualadh na gaoithe air, tá sé rite le gaoth.
To extract a bullet from a wound, piléar a bhaint as cneá.
Nau: In the wind's eye, i gcoinne na gaoithe.
Fair wind, cóir f -ach.
A favourable wind, cóir f -ach.
The candle was flaring in the wind, bhí lasair na coinnle ag titim agus ag éirí ar an ngaoth.
Fluky wind, gaoth fhleách, neamhchinnte.
Nau: Following wind, cóir f (ghaoithe).
Friendly winds, cóir ghaoithe.
A wind from the North, gaoth aduaidh.
Gunshot wound, créacht grán gunna.
Gust of wind, séideán m, soinneán m, siota m, fleá m, gaoithe.
Nau: To haul the wind, dul chun na gaoithe.
To haul upon the wind, casadh thart in éadan na gaoithe.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht