ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Of paper, book, etc.) Bastard size, tomhas corr.
Beaded edge, corr liopach.
He bled himself white to pay, chuir sé é féin ar a chorr á íoc; lom sé é féin go cnámh á íoc.
He got a bye, fuair sé an chorr.
Old curiosities, seanrudaí mpl corra.
On edge, (i) (cloch) ar a faobhar, ar a corr; (ii) (duine) ar bior.
Odd or even, corr nó cothrom.
To knock off the odd pence, na pinginí corra a bhaint de (bhille).
F: The social misfits, daoine corra an tsaoil.
Odd or even, corr nó cothrom.
Twenty pounds odd, fiche punt agus scillingí corra.
The odd pence, na pinginí corra.
(At cards, etc.) The odd game, an cluiche corr.
He has some little oddities, tá dóigheanna beaga corra leis.
He overreached himself, (i) chuir sé thar a fhulaingt, ar a chorr, é féin; (ii) bhain sé slat a bhuail é féin.
To place a board edgeways, clár a chur ar a chorr.
A queer customer, duine corr, aisteach.