ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be a bar to sth., bheith mar dhris chosáin ar rud.
It is a barrier to his progress, tá sé ina dhris chosáin aige.
To beat out a path, cosán a ghearradh, a bhualadh.
A chance acquaintance, fear aithne cosáin.
To crowd s.o. off the pavement, duine a bhrú den chosán.
Curb(-stone), ciumhais chloiche, ciumhais (cosáin).
The car struck the curb, bhuail an carr faoin gcosán.
Cycle path, cosán m rothaíochta.
The crowd on the pavement was twelve deep, bhí dhá dhuine dhéag ar leithead sa slua a bhí ar an gcosán.
Houses built flush with the pavement, tithe a tógadh ar chothrom an chosáin.
Aut: To hug the kerb, coinneáil isteach leis an gcosán.
To walk on the inside of the pavement, siúl ar an taobh istigh den chosán.
The place where the footpath joins the road, mar a mbuaileann an cosán leis an mbóthar.
To line a walk with trees, crainn a chur feadh cosáin (ar gach taobh).
(Of car, etc.) To mount the pavement, dul suas ar an gcosán.
To be an obstacle to sth., bheith sa bhealach ar rud, ina dhris chosáin roimh rud.
The beaten path, an cosán dearg; an gnáthbhealach.
Balcony projecting over the path, balcóin atá crochta os cionn an chosáin.
Path scattered with roses, cosán faoi rósanna.
F: To put s.o. on a false scent, cor faoi chosán a chur ar dhuine; duine a chur amú.
Shady walk, cosán fothainiúil.
The path skirts round the wood, tá an cosán ag gabháil thart le himeall na coille.
To be on slippery ground, bheith ar chosán corrach.
Steep path, cosán crochta.
A narrow path leading through the forest, cosán caol ag dul tríd an gcoill.
Mule track, cosán miúile.
Sheep track, cosán m caorach.
Well-trodden path, cosán m dearg.
The path is full of twists and turns, tá gach re casadh agus lúb sa chosán.
Unbeaten path, cosán gan bhualadh, gan deargadh.
Path that verges on the edge of the cliff, cosán atá sínte le bruach na haille.
The foot-path is four feet in width, tá an cosán ceithre throigh ar leithead.