ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To argue from analogy, cás a bhunú ar chosúlacht.
On the analogy of..., ar chosúlacht..., ar mhúnla ..., ar analach ....
He answers to that description, tá an chosúlacht sin ag cur leis.
He appears sad, tá cosúlacht bhrónach air, breathnaíonn sé go brónach.
So it appears, so it would appear, sin an chuma, an chosúlacht, atá air.
The boat, it appears, did not call at. . ., de réir cosúlachta, níor tháinig an bád isteach go ...
He has a good appearance, tá cosúlacht bhreá fir air.
To, by, all appearances, de réir gach cosúlacht.
His appearance belies him, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile.
The weather bids fair to be fine, tá gach cosúlacht air go mbeidh aimsir mhaith ann; tá aimsir mhaith air.
Bleak prospects, droch-chosúlacht, cuma ghruama.
It is within the bounds of probability, tá sé ag cur le cosúlacht. S.a. BREAK2 I. 4.
By appearances, de réir cosúlachta.
The artist has caught the likeness, thug an t-ealaíontóir an chosúlacht leis go maith.
Close resemblance, an-chosúlacht, fíorchosúlacht.
To give, lend, colour to a story, cosúlacht f, craiceann m, na fírinne a chur ar scéal.
Jur: Colour of title, cosúlacht teidil.
They have nothing in common, níl cosúlacht ar bith acu lena chéile.
The affair has assumed a serious complexion, tá droch-chosúlacht tagtha ar na cúrsaí.
He composed his features, thug sé cosúlacht an tsuaimhnis ar a aghaidh.
Facts that lend credit to a rumour, rudaí a chuireas cosúlacht na fírinne ar ráfla.
Judging by externals, de réir dealraimh, de réir cosúlachta.
On the face of things, de réir cosúlachta.
The gathering flavours of conspiracy, tá cosúlacht uisce faoi thalamh ar an gcruinniú.
In imitation of sth., ar mhúnla, ar chosúlacht, ruda.
There is every indication that..., de réir gach cosúlachta . . .
In all likelihood, de réir gach dealraimh, gach cosúlachta.
Close likeness, cosúlacht mhór, chruinn.
To judge by looks, rud a mheas ar a chosúlacht.
What does he look like? cén chosúlacht atá air?
What sort of a man is he to look at? cad é an chosúlacht fir é?
To be, to come, near s.o., dul i gcosúlacht le duine; bheith cosúil le duine.
Near resemblance, cosúlacht mhór.
What is she like? -- Not pretty, cad é an chosúlacht í? -- Níl sí deas.
To draw a parallel between two things, dhá rud a chur i gcomórtas, i gcosúlacht, le chéile.
Everything seems to point to his success, tá gach cosúlacht air go n-éireoidh leis.
In all probability, de réir gach cosúlachta.
The scheme promises well, tá an-chosúlacht ar an scéim.
The harvest looks promising, tá cosúlacht mhaith ar an bhfómhar.
There is no prospect of their leaving, níl cosúlacht ar bith imeachta orthu.
The prospects of the harvest are good, tá cosúlacht air go mbeidh barr maith ann.
A remote resemblance, cosúlacht bheag.
A strong resemblance, cosúlacht mhór.
There seems to be some difficulty, tá deacracht éigin ann de réir cosúlachta.
So it seems, sin í an chosúlacht atá air; sin é a cheapfá.
With seeming kindness, lách i gcosúlacht; i leith is gur le bá é.
The affair is shaping well, tá cosúlacht mhaith, dea-chuma, ar na gnóthaí.
He showed no sign of life, ní raibh cosúlacht ar bith air go raibh an anáil ann.
He is not so feeble as he appears, níl sé chomh lag agus atá a chosúlacht.
So it seems, de réir cosúlachta; tá a dhealramh sin air.