Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: premise · promisee · poise · prise · prose
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh promise »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
promise, s. Gealltanas m. a To make a promise, gealltanas a thabhairt. To keep one's promise, do ghealltanas a chomhlíonadh. To break one's promise, do ghealltanas a bhriseadh; gan seasamh le do ghealltanas. F: His promises are like piecrust, gheallfadh sé grian agus gealach duit. B: The land of promise, tír tairngre. b Child full of promise, páiste a bhfuil an-ghealladh faoi. He is showing great promise, tá sé ag cruthú go han-mhaith. To hold out a promise to s.o. of sth., ugach, dóchas, faoi rud a thabhairt do dhuine.
promise2, v.tr. a To promise s.o. sth., to promise sth. to s.o., rud a ghealladh do dhuine. To promise (s.o.) to do sth., gealladh do dhuine rud a dhéanamh. F: You will be sorry for it, I promise you, beidh tú in aiféala faoi, mise i mbannaí ort, mise faoi dhuit. Promise me that . . ., geallfaidh tú dom go . . . He promises much but fulfils little, tá focal mór is droch-chur leis aige. b Action that promises trouble, gníomh a bhfuil tuar achrainn ann. The scheme promises well, tá an-chosúlacht ar an scéim.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abide by a promise, seasamh do ghealltanas, gealltanas a chomhlíonadh.
Airy promises, gealltanais gháifeacha.
He went back on his promise, chuaigh sé ar a thóin ina ghealltanas.
To beguile s.o. with promises, cluain a chur ar dhuine le gealltanais.
Breach of promise, (i) fealladh ar fhocal; (ii) sárú gealltanais pósta. S.a. CONTRACT1 1.
My promise was conditional, bhí coinníoll i mo ghealltanas.
Distinct promise, gealltanas cinnte.
To extort a promise from s.o., gealltanas a bhaint de dhuine.
Failure to observe a bye-law, to keep a promise, faillí i gcoimeád fodhlí, i gcomhlíonadh gealltanais.
To put s.o. off with fair promises, duine a chur ó dhoras le gealltanais fholamha.
He promised us faithfully to come to-morrow, thug sé lámh is focal dúinn go dtiocfadh sé amárach.
The promised help was not forthcoming, ní bhfuarthas an chabhair a gealladh.
He went back on his promise, shéan sé a ghealltanas.
To hold s.o. to his promise, tabhairt ar dhuine cur lena ghealltanas.
That promise still holds good, seasann an gealltanas sin go fóill.
To keep s.o. to his promise, tabhairt ar dhuine cur lena ghealltanas.
The Land of Promise, Tír Tairngre.
F: He gave himself a lick and a promise, bhuail sé baslach ar a éadan; thug sé rinseáil na hainnise dó féin.
So much for his promise! sin agat é féin agus a ghealltanas!
To nail s.o. down to his promise, tabhairt ar dhuine cur lena ghealltanas.
The outlook is none too promising, níl dealramh rómhaith ar na gnóthaí.
A promising young man, ógfhear a bhfuil gealladh faoi.
The harvest looks promising, tá cosúlacht mhaith ar an bhfómhar.
To recede from an opinion, a promise, dul siar ar thuairim, ar ghealltanas.
To release s.o. from his promise, duine a fhuascailt óna ghealltanas.
To renew a promise, gealltanas m a thabhairt arís.
Serious promise, gealltanas dáiríre.
He had promised that I should be there, bhí geallta aige go mbeinn ann.
He will stand by his promise, cuirfidh sé lena ghealltanas.
To stand to one's promise, cur le gealltanas.
On the strength of his promise, ag taobhú lena ghealltanas.
Unfulfilled promise, gealltanas m gan cur leis.
Unredeemed promise, gealltanas m gan chomhlíonadh, gan cur leis.
Vain promises, gealltanais mpl gan cur leo.
His promises are merely wind, níl ina chuid gealltanas ach gaoth mhór.
To withdraw a promise, dul ar gcúl i ngealltanas.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht