ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
We are apt to believe that..., is furasta linn a chreidiúint go ...
To make s.o. believe that. . ., tabhairt ar dhuine a chreidiúint go . . .
I cannot but believe that..., ní féidir liom gan a chreidiúint go ...
To give, attach, credence to sth., rud a chreidiúint; géilleadh do rud.
To give credit to a report, tuairisc a chreidiúint.
He is a credit to the school, is creidiúint don scoil é.
He took the credit for it, chuir sé i gcéill gur dó féin a bhí an chreidiúint ag dul.
I thought my eyes were deceiving me, ní fhéadfainn radharc mo dhá shúl a chreidiúint.
It is difficult to believe that . . ., is deacair a chreidiúint go . . .
v.i.To disbelieve in sth., gan géilleadh do rud, gan creidiúint i rud.
I am disposed to believe that . . ., tá claonadh agam a chreidiúint go ...
I have every reason to believe that . . ., tá cúis mhaith agam a chreidiúint go . . .
To fly in the face of evidence, gan radharc do shúl a chreidiúint.
I am far from believing it, is fada buí uaim é a chreidiúint.
I find it hard to believe it, is doiligh liom a chreidiúint.
To induce the belief that . . ., tabhairt ar dhuine a chreidiúint go . . .
That leads us to believe that. . ., tugann sin orainn a chreidiúint go . . ., tá le creidiúint againn uaidh sin go . . .
I am miles from believing it, is fada uain a chreidiúint.
He is a ready believer in miracles, is furasta leis míorúiltí a chreidiúint.
I have reason to believe that . . ., tá údar agam lena chreidiúint go . . .
You'll scarcely believe him, beidh obair agat a chreidiúint.
Surely you don't believe that! ní féidir go bhfuil tú á chreidiúint sin?
To swallow a story, scéal a chreidiúint; géilleadh do scéal.
You are foolish to believe it, tá tú amaideach má chreideann tú é, agus a chreidiúint.
To take the will for the deed, creidiúint a thabhairt don dea-rún.
To take s.o. at his word, focal duine a chreidiúint agus beart a dhéanamh dá réir.