ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The sun was beaming, bhí an ghrian ag soilsiú, ag dealramh, ag spalpadh.
His style is beginning to date, tá dealramh seanaimseartha ag teacht ar a stíl.
There seems to be no doubt (but) that. . ., dealraíonn sé nach bhfuil amhras ar bith ná go . . .
It gives the room a spacious effect, cuireann sé dealramh na fairsingeachta ar an seomra.
It is to be expected that..., tá gach aon dealramh go ...
The sunlight falls on the peaks, dealraíonn an ghrian ar na beanna.
The first gleams of the sun, céad dealramh na gréine.
That is improbable, níl aon dealramh, aon chruth, aon chraiceann, air sin.
It is not very inviting, níl aon an-dealramh air.
Lame story, scéal gan dath, gan dealramh.
Laughable offer, tairiscint áiféiseach, gan dealramh.
Everything leads to the opinion that . . ., tá gach dealramh ar an tuairim go . . .
Difficulties are liable to occur, tá dealramh air go mbeidh deacrachtaí ann.
The portrait is very like, tá an dealramh go maith sa phortráid; macasamhail mhaith an phortráid.
He is like his father, tá dealramh aige lena athair.
He is rather like you, tá dealramh éigin aige leat.
That's something like! tá dealramh éigin air sin! is fearr é sin!
A likely story, scéal a bhfuil dealramh (na fírinne) air.
It seems likely, baineann sé le dealramh.
It is very likely to happen, tá gach aon dealramh air go dtarlóidh sé.
By her look one can see that . . ., is léir ar a dealramh go . . .; tá le léamh uirthi go . . .
Things are looking bad, black, nasty, ugly, tá droch-chuma, níl aon dealramh fónta, ar an scéal.
It looks as if he wouldn't go, tá gach dealramh air nach n-imeoidh sé.
To talk nonsense, bheith ag caint go seafóideach, gan dealramh.
It is nonsense to think that..., níl aon dealramh lena cheapadh go . . .
The outlook is none too promising, níl dealramh rómhaith ar na gnóthaí.
Outward form, dealramh m.
Play of light on a jewel, dealramh solais ar sheoid.
Practical proposal, moladh a bhfuil dealramh air.
To have a good presence, dealramh pearsanta a bheith ort.
It seems very good, tá dealramh, cuma, an-mhaith air.
Impers.It seems (that) . . ., it would seem that.. ., is cosúil go..., dealraíonn sé go . . .
F: Things are settling into shape, tá dealramh éigin ag teacht ar na cúrsaí.
Trees of all shapes, crainn ar gach dealramh.
His face shone with happiness, bhí dealramh ina aghaidh le háthas.
That’s a bit thin! níl dath ná dealramh air sin.
To take an unconscionable time doing sth., fad gan dealramh, míchuíosach, a chaitheamh le rud.
Portrait quite unlike the sitter, portráid gan aon dealramh leis an duine féin.
Upside down ideas, barúla gan dealramh.
To look wise, dealramh na tuisceana a chur ort féin.