ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
Door that gives access to a room, doras isteach chun seomra.
Access to the door is by a flight of steps, suas staighre a théitear go dtí an doras.
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
F: To turn s.o. adrift, duine a thréigean; an doras a thabhairt do dhuine.
It would be advisable to lock the door, den chríonnacht an glas a chur ar an doras.
He closed the door after him, dhruid sé an doras ina dhiaidh.
Answer the door, oscail an doras.
To assist s.o. to the door, taca a thabhairt do dhuine chun an dorais,
To bang the door, an doras a phlabadh.
v.i.To batter at the door, greadadh ar an doras.
To beat at the door, bualadh ag an doras, an doras a rúscadh.
Arch: Blind door, window, doras, fuinneog chaoch.
The door blew open, chuir an ghaoth an doras isteach.
To bolt s.o. out, an doras a bholtáil in éadan duine.
To break open a door, a lock, doras, glas, a bhriseadh.
To build in a doorway, doras a dhruidim (le hobair chloiche).
A built-in door way, doras caoch.
F: To bundle s.o. out of the house, duine a chaitheamh amach thar an doras.
v.tr.To burst in a door, doras a bhriseadh isteach.
F: To send s.o. about his business, an doras a thabhairt do dhuine. S.a. MIND2 2
To bustle s.o. out of the house, duine a scuabadh amach thar an doras.
Boy in buttons, F: buttons, giolla m dorais, peáitse m.
To keep close to the door, fanacht gar don doras.
As bold as a cock on his own dunghill, chomh teann le madra gearr ina dhoras féin.
The hall was crowded with people, bhí an halla lán go doras.
To drink a parting cup, deoch an dorais a ól.
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
That dashed door . . ., an diabhal, an cleabhar, de dhoras sin.
To deny the door to s.o., an doras a dhúnadh in aghaidh duine.
He is not to be denied, ní féidir é a chur ó dhoras, é a dhiúltú.
Entrance door, street-door, front-door, doras sráide, doras tosaigh.
Carriage-door, doras carráiste.
Double door, doras dhá chomhla.
Folding doors, doras infhillte.
To show s.o. the door, an doras a thabhairt do dhuine.
To show s.o. to the door, dul go doras le duine.
He was denied the door, dúnadh an doras air.
To close the door to, against, s.o., an doras a dhúnadh ar dhuine.
In the doorway, sa doras.
I shall drop you at your door, fágfaidh mé ag an doras thú.
As bold as a cock on his own dunghill, chomh teann le madra gearr ina dhoras féin.
Emergency-exit, doras m éalaithe.
How much is the entrance-fee? cé mhéad atá ar an doras?
Emergency exit, doras éalaithe.
To put s.o. off with fair promises, duine a chur ó dhoras le gealltanais fholamha.
The door flew open, leath an doras de phreab.
To fob s.o. (off), duine a chur ó dhoras (le leithscéal, le cleas); duine a chur díot.
Full up! lán! lán go doras!
To get a door to shut, bail a chur ar dhoras le go ndúnfadh sé.