ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Above all, os cionn gach uile ní; thar gach ní.
Every afternoon, gach uile thráthnóna.
All’s well, tá gach uile shórt ceart.
Most of all, os cionn gach uile ní.
All-round improvement, biseach ar gach uile bhealach.
He has an answer to everything, tá freagra ar gach uile rud aige.
Anyone will tell you so, déarfaidh gach uile dhuine leat é.
The doctor was in attendance on him every day, bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá.
It requires daily attention, caithfear freastal air gach uile lá.
This is far and away the best, seo an rud is fearr ar gach uile bhealach.
I have been into every shop in the street, tá gach uile shiopa sa tsráid siúlta agam.
I examined the question in all its bearings, bhreithnigh mé gach uile thaobh den scéal.
He bosses everybody, bíonn sé ag barrastóireacht ar gach uile dhuine.
To bundle everything up, gach uile shórt a chrapadh suas.
Anything but that, gach uile rud ach sin.
To leave everything to chance, gach uile shórt a fhágáil faoin gcinniúint.
The chances are that . . ., gach uile sheans go . . .
Everything went like one o'clock, d'éirigh le gach uile shórt ar fheabhas.
Everything is going like clockwork, tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon.
To clutch at every straw, gach uile dheis a thapú.
He comes this way every week, tagann sé thart an bealach seo gach uile sheachtain.
All comers, gach uile dhuine; gach duine dá dtagann.
All classes of the community, gach uile aicme den phobal.
This one compares favourably with the other one, tá sé seo gach uile orlach chomh maith leis an gceann eile.
Everything was in confusion, bhí gach uile shórt trína chéile, ar mhuin mhairc a chéile.
All things considered, agus gach uile shórt a chur san áireamh; tríd is tríd.
Taking all things into consideration, le gach uile shórt a mheas, a mheá.
There is a cure for everything but death, tá leigheas ar gach uile shórt ach ar an mbás.
I dare say, creidim, gach uile sheans.
Day in day out, gach uile lá beo, Domhnach is dálach.
He is up to all the dodges, tá gach uile chleas aige.
All cases are embraced in . . ., tá gach uile chás i . . .
Every bit as good as . . ., gach aon phioc, gach uile mhíle orlach, chomh maith le ...
Every one, gach (aon) duine, gach uile dhuine.
They sell everything, tá gach uile shórt le díol acu.
Money is everything, déanfaidh an t-airgead gach uile shórt.
Everywhere you go, gach uile áit a rachaidh tú.
From everywhere, as gach uile aird.
Contrary to all expectations, ainneoin an tsúil a bhí ag gach uile dhuine.
He fancies he knows everything, ceapann sé go bhfuil fios fátha gach uile ní aige.
All is fish that comes to his net, baineann sé a ghaisneas as gach uile shórt.
He is good at all games, tá lámh ar gach uile chluiche aige; tá sé deas ar gach aon chluiche.
I shall have everything ready, tabharfaidh mé do m'aire go mbeidh gach uile rud ullamh agam.
It is imperative for us all to . . ., ní mór don uile dhuine againn . . ., caithfidh gach duine againn. . .
To bring every influence to bear, gach uile chumhacht a chur ag obair.
They were killed to a man, maraíodh gach uile fhear riamh acu.
Of many kinds, de gach uile shórt.
He was nothing if not generous, os cionn gach uile ní bhí sé fial; mura raibh sé fial ní lá fós é.
Everything is O.K., gach uile shórt ceart.
Omnivorous reader, duine a léas gach uile shórt.