ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I am above doing that, ní ísleoinn mé féin chuige sin.
(Therefore) Accordingly I wrote to him, mar sin de scríobhas chuige; dá bhrí sin scríobhas chuige.
I cannot pardon his assumption of my name, ní féidir liom a mhaitheamh dhó gur ghlac sé m'ainm chuige féin.
While we are at it, why not . . ., tharla sinn ina cheann, cad chuige nach . .., ó támuid leis, cad chuige nach...
The doctor was in attendance on him every day, bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá.
Nau: To beat to windward, against the wind, bualadh chuige, baint den ghaoth.
To bring s.o. round (from swoon), duine a thabhairt chuige féin, beos a chur i nduine.
To bring s.o. to, duine a thabhairt chuige féin.
He is broadminded, duine é a bhfuil ligean chuige agus uaidh aige.
I am not clear as to why . . ., ní léir dom cad chuige . . .
When he came to himself, (i) nuair a tháinig a mheabhair ar ais chuige; (ii) nuair a d'éirigh sé as a chuid drochbhealaí.
Come on! (i) seo chuige! ar aghaidh linn! (ii) siúl uait, fág seo! téanam ort! (iii) P: (as a challenge) bí aige! féach leis!
He thinks connectedly, tagann a chuid smaointe as a chéile chuige.
He regained consciousness, tháinig sé chuige féin arís; tháinig mothú, aithne, meabhair, ann arís.
The truth dawned on him, nocht an fhírinne í féin chuige.
F: He was deluged with letters, bhí an díle litreacha ag teacht chuige.
Why do you drag up that old story? cad chuige a bhfuil tú ag tarraingt anuas an tseanscéil sin?
I feel drawn to him, bogann mo chroí chuige.
What are you driving at? cad chuige a bhfuil tú?
Why on earth did you do it? cén donas a bhí ort agus é a dhéanamh? cad chuige sa tubaiste an ndearna tú é?
He speaks easily, labhraíonn sé go líofa, tagann an chaint chuige go saoráideach.
For, to, this end, chuige sin; leis an intinn sin.
To enforce a rule, féachaint chuige go gcomhlíonfaí riail.
He enlisted the services of his neighbours, bhailigh sé cúnamh na gcomharsana chuige.
You know well enough what I mean, tuigeann tú go dianmhaith cad chuige a bhfuilim.
Why ever did he not come? cad chuige sa tubaiste nár tháinig sé?
What's all the excitement about? cad chuige an anbhuain go léir?
'Not to be exposed to the air', ‘Ná ligtear an t-aer chuige'.
For this express purpose, d'aon ghnó chuige seo.
He is a facile liar, is réidh a thagann na bréaga chuige.
The weather favoured our departure, bhí an aimsir chuige agus sinn ag imeacht.
He is flooded with letters, tá litreacha ina gcarnáin tagtha chuige.
He is a fluent speaker, tagann an chaint go réidh chuige; tá rith breá cainte aige.
What for? céard le haghaidh? cad chuige?
What's that gadget for? cad chuige an gléas sin?
It takes fully two hours, ní mór an dá uair a chloig slán chuige.
Who are you getting at? cé chuige a bhfuilir? cé chuige an chaint sin agat?
To get him round, é a thabhairt chuige féin.
Give him my love, beir mo bheannacht chuige.
There is no give-and-take about him, níl ligean chuige ná uaidh aige.
(ii) F: I went round to see him, chuas siar (soir, síos, etc.) (ar cuairt) chuige.
I gave him as good as I got, mar do thomhais sé chugam thomhaiseas chuige.
He changed, shifted, his ground, tharraing sé malairt argóinte chuige.
He hungers after, for, it, tá airc, cíocras, air chuige; tá tnúthán aige leis.
Immediately on his return, I wrote to him, scríobh mé chuige chomh luath géar agus a tháinig sé ar ais.
I did not interfere with him, níor chuireas chuige ná uaidh.
He is itching to do it, tá sé ar gor chuige.