ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come after, teacht ina dhiaidh sin.
I heard of it after, ina dhiaidh sin a chuala mé é.
He was ill for years after, bhí sé breoite ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
Soon, long, after, go gearr, i bhfad, ina dhiaidh sin.
I only heard of it afterwards, ní raibh a fhios agam go (dtí go) raibh sé thart, níor chualas go dtí ina dhiaidh sin é.
But yet . . ., ach ina dhiaidh sin ...
Two days later, after, dhá lá ina dhiaidh sin, i gceann dhá lá.
A long silence ensued, ina dhiaidh sin bhí tost fada.
In the following year, an bhliain ina dhiaidh sin; san athbhliain.
Immediately after, go díreach ina dhiaidh sin.
Later events proved that . . ., chruthaigh ar tharla ina dhiaidh sin go ...
On a later occasion, ar ócáid ina dhiaidh sin.
A moment later, nóiméad ina dhiaidh sin.
This happened later (on), ina dhiaidh sin sea tharla seo.
A few days later on, laethanta beaga ina dhiaidh sin.
Long, before, after, i bhfad roimhe sin, ina dhiaidh sin.
Not long before, after, tamall beag roimhe sin, ina dhiaidh sin.
It nevertheless makes me anxious, ina dhiaidh sin (agus uile) tá sé ag cur imní orm.
The next day but one, an dara lá ina dhiaidh sin.
The next three days, na trí lá ina dhiaidh sin.
The next instant, láithreach ina dhiaidh sin.
The next chapter, an chaibidil ina dhiaidh sin (seo), a leanas.
Who comes next? cé atá ina dhiaidh sin?
The next larger size (in shoes, etc.), an uimhir is mó ina dhiaidh sin.
Later on, tamall ina dhiaidh sin.
That does not prevent her from being respectable, níl a bhac uirthi bheith measúil ina dhiaidh sin.
After that things proceeded quickly, chuaigh na cúrsaí chun cinn go sciobtha ina dhiaidh sin.
The fact remains that he cannot come, ina dhiaidh sin agus uile ní féidir leis teacht; ní fhágann sin gur féidir leis teacht.
I feel anxious all the same, ina dhiaidh sin féin, tá imní orm.
He became his silent self again, ní raibh an dara focal ina dhiaidh sin as ach a oiread agus a bhí riamh.
In the sequel, ina dhiaidh sin.
Shortly after(wards), go gearr ina dhiaidh sin.
He did not reappear and so he was thought dead, ní fhacthas ina dhiaidh sin é agus síleadh mar sin gur mharbh a bhí sé.
After some time, tamall, seal, ina dhiaidh sin.
Soon after, go gearr, go grod, ina dhiaidh sin.
In spite of all that, ina dhiaidh sin agus uile.
Still the fact remains that he was born in England, ach ina dhiaidh sin is uile i Sasana a rugadh é.
At a subsequent meeting, ag cruinniú ina dhiaidh sin, níos faide anonn.
Subsequent to that, ina dhiaidh sin, níos faide anonn ná sin.
The succeeding year, an bhliain ina dhiaidh sin.
After that, ina dhiaidh sin.
They travelled in France and then in Spain, shiúil siad an Fhrainc agus an Spáinn ina dhiaidh sin.
What then? agus ansin? agus ina dhiaidh sin?
(Ever) since then, riamh ó shin, ina dhiaidh sin, ó shin i leith.
She is not a bad cook though, ní haon droch-chócaire í ina dhiaidh sin.
A short time after, tamall gearr ina dhiaidh sin.
After a long time, (i) i gceann tamaill fhada ina dhiaidh sin; (ii) i bhfad ina dhiaidh sin.
What then? agus ansin? agus ina dhiaidh sin?
Within a short time, (i) gan mhoill, (ii) go gearr ina dhiaidh sin.
And yet I like him, agus ina dhiaidh sin féin, taitníonn sé liom.