ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To eat two at a time, péire a ithe le chéile, ag an am (céanna).
To abandon oneself to drink, ligean leat féin leis an ól.
Abduction by force, fuadach le láimh láidir.
Jur: To aid and abet a person, cabhrú agus neartú le duine.
It is abhorrent to, from, the constitution, níl sé ag cur leis an mbunreacht.
To abide by a resolve, coinneáil le rún.
I abide by what I said, seasaim leis an méid a dúras,
To abide one's time, fanacht le faill.
I can't abide him, ní féidir liom a sheasamh, cur suas leis.
Ablaze with anger, ar lasadh le fearg.
I am able to do it, tig liom a dhéanamh.
All aboard! ar bord libh!
There's something about a horse, that..., tá rud éigin ag baint le capall a...
About as big as it, tuairim ar chomh mór leis.
About that, maidir leis sin.
What is it all about? cad is bun, cúis, leis?
How about a game? céard a déarfá le cluiche?
You haven't been long about it, ní raibh tú i bhfad leis.
His conduct was above-board, ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis.
To abrade sth., rud a chaitheamh le cuimilt.
To come abreast of a car, teacht aníos cothrom le carr.
To walk abreast, siúl taobh le taobh.
To be abreast with, of, the times, coinneáil suas le cúrsaí nua-aimseartha.
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
To become absorbed in sth., éirí gafach le rud.
To remedy an abuse, deireadh a chur le míchleachtadh.
To abut sth., to abut on, against, sth., bheith teoranta le rud.
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
Const: To abut on, against, a wall, teagmháil le balla.
To accede to a treaty, glacadh le conradh.
To accede to a party, dul isteach i bpáirtí, gabháil le páirtí.
To accelerate s.o.'s death, giorrú le duine.
(In marriage ceremony) I do accept her (him), gabhaim léi (leis).
The accepted custom, an nós a nglactar leis, an nós aitheanta.
Acceptance of proposal, glacadh m le moladh.
To beg a person's acceptance of sth., iarraidh ar dhuine glacadh le rud,
He secured their acceptance of the proposal, thug sé orthu glacadh leis an moladh.
This proposal met with general acceptance, glacadh go forleathan leis an moladh seo.
Without acceptance of persons, gan fabhar do dhuine ach oiread le chéile.
It is difficult of access, is deacair a ghabháil chomh fada leis.
He is difficult of access, is deacair a ghabháil chun cainte leis.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
Knowledge accessible to everyone, eolas atá le fáil ag gach aon duine.
He is very accessible, tá sé an-fhurasta dul chun cainte leis.
Niall was acclaimed king, gaireadh rí de Niall le hollghairdeas.
To accommodate one thing to another, rud a chur in oiriúint do, a oiriúnú le, rud eile.
For your accommodation, mar ais dhuit, le caoi a thabhairt duit.
He was accompanied by his wife, bhí a bhean in éineacht leis.
He accompanied his words with a cuff, bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige.
In accordance with my wish, in aice le mo thoil.