Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: lath · leath · liath · luach · luadh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He accompanied his words with a cuff, bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige.
She is early afoot, is luath atá sí ar a cois.
With all speed, chomh luath is is féidir; le luas lasrach.
To burn, reduce, sth. to ashes, luaith a dhéanamh de rud.
He blazed up at the mention of it, chuaigh sé le buile chomh luath agus tráchtadh air.
To burn sth. to ashes, luaith a dhéanamh de rud.
As soon as I can, chomh luath agus a fhéadfas mé.
As soon as can be, chomh luath agus is féidir (é).
To rake out the cinders, an luaith a ghlanadh amach
As soon as oysters come in, chomh luath agus a bheas na hoisrí i séasúr.
At your earliest convenience, a luaithe a bheas caoi agat.
I will come directly I've finished, tiocfaidh mé chomh luath géar agus a bheidh críochnaithe agam.
Ashes to ashes, dust to dust, ó luaith go luaith, ó chré go cré.
We had an early dinner, bhí dinnéar luath againn.
It is early days yet to make up one's mind, tá sé pas luath fós ag duine a aigne a dhéanamh suas.
Early vegetables, glasraí luatha.
At the earliest possible moment, an dá luaithe is féidir é.
It was early in the day, bhí sé luath sa lá.
Early enough, luath go leor.
Early in his life, go luath ina shaol.
As early as possible, chomh luath agus is féidir.
Their beauty is ephemeral, is luath a chailleann siad a mbláth.
As soon as ever he comes home, chomh luath géar agus a thiocfaidh sé abhaile.
F: He keeps the fire warm, is é leadaí na luaithe dáiríre é.
F: First thing, ar a luaithe, ar a thúisce.
You will have to do it first or last, beidh ort é a dhéanamh luath nó mall.
To grind sth. (down) to dust, min agus luaith, snaois, a dhéanamh de rud.
He is hale and hearty, tá sé luath láidir.
Hasty judgment, breith luath lochtach; breith gan mhachnamh.
Let me have an early reply, cuir freagra chugam go luath.
Immediately on his return, I wrote to him, scríobh mé chuige chomh luath géar agus a tháinig sé ar ais.
I incline to the belief that..., is luaithe a chreidfinn go ...
Early or late, sooner or later, luath nó mall.
I'll send him to you the minute he arrives, cuirfidh mé chugat é chomh luath agus a thiocfas sé.
The moment I saw him I recognized him, chomh luath géar agus chonaic mé é d'aithin mé é.
As soon as the season opens, chomh luath is a thosóidh an séasúr.
I'll come as early as I possibly can, tiocfaidh mé chomh luath in Éirinn agus fhéadfas mé.
There is no question of his returning so soon, níl baol ar bith go dtiocfaidh sé ar ais chomh luath sin.
Rash judgment, breith f luath lochtach.
(Immediately) on my return, chomh luath agus a thiocfad ar ais.
F: She is a sit-by-the-fire, cailleach na luaithe buí í.
Sometime or other, luath nó mall.
I went away none too soon, níor mhór dhom a luaithe a d'imigh mé.
As soon as, so soon as, chomh luath agus.
The sooner the better, dá luaithe is ea is fearr é.
It will come, sooner or later, tiocfaidh sé luath nó mall.
It was no sooner said than done, níor luaithe ráite ná déanta é.
To make an early start, tosú go luath.
To make an early start, imeacht go luath.
You are an early starter, nach luath atá tú ag imeacht.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht