ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To play fair and above-board, imirt go macánta cneasta; bheith ionraic.
He found her frankness disarming, bhí sí chomh macánta sin gur bhain sí dá lúdracha é.
He eats out of my hand, tá sé mín macánta agam.
It's all fair and square, tá gach aon rud go macánta.
To play the game, (i) imirt go macánta; (ii) an gnó a dhéanamh go hionraic.
That action goes to show his honesty, fágann an gníomh sin gur fear macánta é.
Good man, duine fónta, macánta, cóir; dea-dhuine.
James is a good child, is macánta an leanbh é Séamas.
He is a good sort, is macánta, galánta, an duine é; duine lách é.
He took it like a lamb, d'fhan sé chomh macánta le huan.
To live honestly, maireachtáil go macánta.
Intentions of no honourable kind, rún nach bhfuil baol ar a bheith macánta.
F: To act on the straight, bheith díreach, cruthú go dílis, go macánta.
Well-mannered horse, capall macánta, sásta.