Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
What about my book? cad mar gheall ar mo leabhar?
On account of it, dá thairbhe, mar gheall air, as a shiocair.
He was quite apologetic about it, is é an chaoi ar ghabh sé leithscéal mar gheall air.
He was profuse in his apologies, ghabh sé fiche leithscéal (mar gheall air).
To entertain fears as to sth., bheith eaglach faoi rud, mar gheall ar rud.
He was surprised at it, bhí iontas air mar gheall air.
Don't be uneasy on my behalf, ná bíodh imní ort mar gheall ormsa, de mo thairbhese.
In connection with . . ., mar gheall ar . . .
He has gone daft over it, tá sé splanctha mar gheall air.
As to the disposal of the residue . . ., i dtaobh an rud a dhéanfaí leis an bhfuílleach . . ., mar gheall ar an áit a gcuirfí an fuílleach ...
Exception was taken to his youth, cuireadh ina choinne mar gheall ar a óige.
He is for ever expatiating on it, bíonn sé de shíor ag cur de mar gheall air.
Two dogs fighting over a bone, dhá mhadra i gcochall a chéile mar gheall ar chnámh.
His appearance goes against him, tá sé buailte mar gheall ar a dhealramh.
To learn sth. about s.o., rud a fháil amach mar gheall ar dhuine.
He never said a word about it, ní dúirt sé oiread is focal mar gheall air.
Owing to, de bharr, de thoradh, mar gheall ar.
For the very reason that. . ., go díreach mar gheall ar . . .
By reason of . . ., de bharr . . .,mar gheall ar . . .
With regard to . . ., mar gheall ar . . .
He was bitterly repenting it, bhí sé ag ithe na méar de féin mar gheall air.
He was right-down angry about it, bhí fearg dáiríre air mar gheall air.
He made sacrifices for it, chuir sé crua air féin mar gheall air.
For old acquaintance sake, mar gheall ar an seanchumann.
I will speak to him about it, labhród leis mar gheall air.
Much ink has been spilt about that question, is iomaí focal a scríobhadh mar gheall ar an. scéal sin.
To take s.o. to task for sth., casaoid a thabhairt do dhuine mar gheall ar rud.
She took him to task for it, d'éiligh sí air mar gheall air.
It is because of this that they fought, (is) mar gheall air seo a throid siad.
F: He is in a fine way about it, (i) tá sé le craobhacha mar gheall air; (ii) tá sé ag goilleadh go trom air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht