Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
geall fir1 rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra) geall le, i ngeall le i muinín, i dtaobh le (bheith i ngeall le cúpla punt); beagnach (tá sé geall le bheith déanta); cosúil le (ba gheall le féasta é) de gheall ar ar mhaithe le (de gheall ar do shláinte); ar intinn rud a dhéanamh (má tá tú de gheall ar imeacht) mar gheall ar de bharr (mar gheall ar an taisme); i dtaobh, toisc (cad mar gheall air? ná déan é mar gheall ormsa)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
mar gheall air sin, dá thoradh sin
cén fáth, cén chúis, cad ina thaobh, cad mar gheall ar (cad chuige ar bhuail tú é?)
éan beag buí a choinnítear mar pheata mar gheall ar a chuid ceoil
de thoradh, mar gheall ar (chaill sé a shláinte dá dheasca)
cáilíocht a tharraingt siar nó a bhaint de dhuine; duine a dhearbhú neamhcháilithe nó neamhoiriúnach mar gheall ar riail a bhriseadh
mar gheall air
crann mór síorghlas Astrálach a bhfuil ardmheas air mar gheall ar a chuid ola, guma agus adhmaid
duine misniúil cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán
breithiúnas a leagtar ar dhuine mar gheall ar olc nó ar choir éigin (pionós báis); crá croí (is mór an pionós é)
thar ceann (labhair mé ar do shon); ar mhaithe le (ar son na ndaoine, na síochána); i gcúiteamh ar (ar son a ndearna tú dom); mar gheall ar (is fiú é a léamh ar son na stíle atá ann)
stuaic, tormas (chuir sé stailc suas); cur suas d'obair ag oibrithe mar gheall ar chúrsaí pá nó eile
stopadh anála mar gheall ar bhac éigin sa scornach (cnámh nó deatach mar shampla); breith ar scornach ar dhuine chun a anáil a bhaint de; múchadh (glór tachta)
de thoradh, mar gheall ar; maidir le
mar gheall ar, maidir le (cad ina thaobh)
(tá sé timpeall an tí; timpeall fiche bliain ó shin); mar gheall ar (eolach timpeall ar chapaill)
mar gheall ar (toisc na cainte go léir; toisc go raibh deifir orm)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht