Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: brogha · drogha · rotha · doghra · dorgha
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He had no alternative, ní raibh an dara rogha aige; ní raibh de rogha aige ach.
Or alternatively you can come to-morrow, nó de rogha air sin féadfaidh tú teacht amárach.
You may bring any person you like, féadfaidh tú do rogha duine a thabhairt leat.
Anything you like, cibé rud is rogha leat.
I don't approve of your choice, ní mholaim an rogha atá déanta agat.
The best of men, togha, rogha, scoth, na bhfear.
I'll bet you anything you like, cuirfidh mé do rogha geall leat; cuirfidh mé a bhfuil agam leat.
You must choose between them, caithfidh tú rogha a bhaint astu, rogha a dhéanamh eatarthu.
For choice, mar, de, rogha.
A man of her own choice, a rogha féin d'fhear; fear ar a mian féin.
You have no choice in the matter, níl sé ar do rogha féin.
He has a wide choice, tá breith agus dá rogha aige.
To choose from, between, them, rogha a bhaint astu.
To choose John in preference to James, Seán a ghlacadh, a thoghadh, de rogha ar Shéamas.
If I could pick and choose, dá bhfaighinn breith is dá rogha.
There was no course open to me but flight, ní raibh an dara rogha agam ach teitheadh.
At his discretion, mar is rogha leis.
The lesser of two evils, rogha an dá dhíogha.
Let him eat anything he fancies, itheadh sé cibé rud is rogha leis.
Rac: To back the favourite, geall a chur ar rogha na coitiantachta.
I prefer the former alternative to the latter, is é mo rogha an chéad cheann, an ceann tosaigh, thar an gceann deiridh.
You are free to do as you please, féadfaidh tú do rogha rud a dhéanamh; níl stad ná stopadh ort.
Free choice, rogha de dheoin.
He was granted permission to do what he pleased, tugadh cead dó a rogha rud a dhéanamh.
Hobson's choice, rogha an dá dhíogha.
Turf: Hot favourite, rogha an phobail.
That leaves John free to do what he wants, fágann sin cead ag Seán a rogha rud a dhéanamh.
Nothing was left to me but to . . . ní raibh an dara rogha agam, ach. . .
To choose the lesser of two evils, rogha an dá dhíogha a thógáil.
Do just as you like, déan do rogha rud.
He thinks he can do anything he likes, is dóigh leis go dtig leis a rogha rud a dhéanamh.
You may do as you like so long as you leave me alone, féadfair do rogha rud a dhéanamh fad agus ligeann tú domsa, ach ligean domsa.
She couldn't make up her mind what to choose, ní raibh a fhios aici cad é an rogha ab fhearr di.
(Used only with 'must') I must needs obey, I needs must obey, níl an dara rogha, níl dul as, agam ach bheith umhal.
There is nothing for it but to submit, níl an dara rogha ann, níl dul as, ach géilleadh.
The best of men, rogha na bhfear.
Two courses are open to us, tá dhá rogha againn.
To make one's option, rogha a thógáil.
I have the option of doing it, féadfaidh mé a dhéanamh más rogha liom é.
I could not do otherwise than leave, ní raibh an dara rogha agam ach imeacht.
If I could pick and choose, dá mbeadh breith agus dá rogha agam.
To prefer sth. to sth., rud a ghlacadh de rogha ar rud; tosaíocht a thabhairt do rud thar rud.
In preference, de rogha(to, ar).
To put honour before riches, onóir a thoghadh de rogha ar shaibhreas.
To make a selection, rogha a bhaint as rudaí.
Aut: Selector-rod, slat f rogha.
To set Virgil before Homer, rogha a dhéanamh de Veirgil thar Hóiméar.
Death sooner than slavery, an bás de rogha ar an daorsmacht.
F: Ten to one he'll find out, do rogha geall go rachaidh sé amach air.
He thinks he may do anything, tuigtear dó go dtig leis a rogha rud a dhéanamh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht