Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ad · sa · sac · sadh · said
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh sad » agus SAD »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
sad, a. 1 a Brónach, dubhach. He became sad, tháinig gruaim air. To make s.o. sad, brón a chur ar dhuine. He is sad at heart, tá an croí trom aige. In sad earnest, lomdháiríre. He is a sadder and a wiser man, tá ciall cheannaithe aige. b (Of place, etc.) Duairc. Sad news, drochscéal. He came to a sad end, ba bhocht an deireadh a bhí air. 2 A sad mistake, earráid thubaisteach. She is a sad flirt, is millteanach an raiteog í. To make sad work of sth., drochbhail a thabhairt ar rud. –ly, adv. 1 Go brónach, etc. 2 (Usu. iron.) I was sadly puzzled, bhí mo shá mearaí orm. He made sad work of building the house, is ainnis an iarracht a thug sé ar an teach a thógáil. She is sadly deficient in intelligence, tá easpa mhór éirime uirthi. 3 I need it sadly, tá sé de dhíth go géar orm. You are sadly mistaken, tá tú go mór ar seachrán.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It's a sad state of affairs, is bocht an scéal é.
He appears sad, tá cosúlacht bhrónach air, breathnaíonn sé go brónach.
Inexpressibly sad, thar a bheith brónach.
A sad piece of news, scéal brónach.
How should I not be sad? conas nach mbeinn faoi bhrón?
It is a sad state of affairs, is bocht an cás é.
He has met with sad trials, fuair sé a shá de bhuaireamh an tsaoil.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht