SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
ceann eallaigh ó bhíonn an chéad ghamhain aici
trasna ar a chéile (bhí a lámha crosach aici)
bád cogaidh agus an-siúl aici; marcálaí ar scáileán ríomhaire etc.
duine a mbeadh dhá chéile aige nó aici ag an am céanna
cosc, bac (tá geis air); ceangal, oibleagáid (bhí sé de gheasa air gan labhairt); draíocht (cibé geasa a bhí aici air)
glór duine (chuala mé do ghuth); fuaim cheoil a théann le hamhrán (tá guth maith aici); fuaim cosúil le glór (guth na cuaiche); barúil a chuirtear in iúl (guth an phobail); cáineadh ó bhéal (ní bhfaighidh tú guth ná náire as); vóta (do ghuth a thabhairt)
(le bó) lao ar iompar aici
gan aige nó aici ach cos amháin
gan srian (tá an teanga ar ligean aici)
bean a bhfuil clann aici; foinse (máthair oilc, máthair abhann)
cuimhne (meabhair ar rud a tharla); tuiscint, intleacht (tá meabhair mhaith chinn aici); aithne, mothú (tá sé ag cailleadh a mheabhrach); ciall, réasún (ná cuir as a mheabhair é)
scoil ardoideachais agus cumhacht aici céimeanna a bhronnadh
ní éigin gan a ainm a lua (an rud sin a cheannaigh tú); cúrsa, scéal (an rud a tharla, atá le rá agam); gníomh, beart (an rud a rinne sé); créatúr beo (tá rud beag aici; an rud óg; nach é an rud salach é); acmhainn, sochar (tá rud aige sin; fuair sé rud maith orthu); ní a iarrtar (déan rud ar d'athair); imní, brón (ná bíodh rud ort faoi)
dóthain duine de bhia, de dheoch etc. (tá sáith beirte ann; tá mo sháith agam den obair seo; tá a sáith le rá aici)
sraith de lúba nó d'fháinní greamaithe as a chéile; fáinne déanta ag rinceoirí le chéile; ceangal, adhastar (tá sé ar slabhra aici)
staidéaracht; ciall, gaois, críonnacht; foighne (tá stuaim mhór aici leis na páistí); intleacht, scil (as a stuaim féin a rinne sé é)
le teas nó teocht ard (deoch the, uisce te); brothallach (lá te); a thugann teas (éadach te); géar, garg (piobar te); teasaí, díograiseach (go te sa tóir air); grámhar (tá croí te aici)