TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
amach dob ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é) ► amach ó ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige) ► amach is amach ar fad ar fad (dán breá amach is amach) ► amach is isteach le tuairim (ar) ► amachaigí bígí amuigh, amach libh
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
uaim nó siúnta a líonadh chun uisce a choinneáil amach
díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)
dúnadh (doras, leabhar, a dhruidim); teannadh (druid isteach leis an tine; druid aníos anseo; druid amach uaim)
go léir, go hiomlán; ó cheann go ceann (teach deich slata ar fad); amach is amach (scéal eile ar fad)
imeacht, siúl, bogadh ó áit go háit (gluais ort; gluaiseacht tráchta); imeachtaí eagraithe le cuspóir a bhaint amach (gluaiseacht na saoirse)
gléas le héin óga a thabhairt amach le teas saorga gan gor ó chearc
casadh, tiontú (do cheann a iompú); an taobh isteach amach nó an taobh síos suas a thabhairt de rud; cur nó coinneáil uait (fearg a iompú); filleadh (d'iompaigh an slaghdán orm); athrú (d'iompaigh sé bán, ina Chríostaí); camhrú, imeacht géar, searbh (tá an fheoil, an bainne, iompaithe)
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
rince spraíúil, nó an ceol a théann leis; tiúin damhsa ar bith; leagan amach (d'athraigh sí a port ó shin)
gathanna teasa nó solais a chur amach; scaipeadh amach gach treo ó lárphointe éigin
fanacht siar nó amach ó (ceist a sheachaint; buille a sheachaint); aire a thabhairt (seachain tú féin); cosaint (seachain an leanbh ar an tine)
ó bhonn, amach is amach (amadán ó thalamh; thug sé dó ó thalamh é); dul chun cinn (gan mórán talaimh a dhéanamh)
titim amach (tharla tionóisc dom; ó tharla anseo tú)
teilgean pictiúr ó áit i bhfad i gcéin agus á dtabhairt amach ar scáileán le tonnta raidió