Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: amach · armach · asmach · macha · macho
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
On and after the first of the month, ar an gcéad lá den mhí agus uaidh sin amach.
He hadn't any luck from that on, ní raibh lá den ádh air uaidh sin amach.
To hold oneself apart from . . ., fanacht amach ó ...
They moved apart, sheas siad amach ó chéile.
To avoid s.o., fanacht amach ó dhuine.
To hold sth. away from sth., rud a choinneáil amach ó rud.
Stand back (from me), seas amach (uaim), druid siar (uaim).
To cut clean through sth., gearradh trí rud amach, ó thaobh taobh.
To stand clear, fanacht amach (ó chontúirt).
To keep, steer, clear of sth., coinneáil amach ó, glan ar (rud); rud a sheachaint.
I keep clear of him as far as possible, fanaim amach uaidh chomh maith agus a fhéadaim é.
He kept her at a distance, choinnigh sé amach uaidh í.
Ever since (then), riamh ó shin, uaidh sin amach.
Ever after, uaidh sin amach.
As from the first of January, ar an gcéad lá d'Eanáir agus uaidh sin amach.
From the bottom of my heart, amach ó mo chroí.
With all my heart, amach ó mo chroí, faoi chroí mór maith.
Keep away from it, fan amach uaidh (uaithi).
May I speak to you as man to man, ar mhiste leat go labhróinn leat ó chroí amach.
From now (on), uaidh, as, seo amach.
Off Howth, amach ó Bheann Éadair.
On and after the fifteenth, an cúigiú lá déag agus uaidh sin amach.
The tree reaches out its branches, tá an crann ag síneadh na ngéag amach uaidh.
Abs.Reckoning from to-day, ag áireamh ó inniu amach.
He reeled out, amach leis ag imeacht ó thaobh taobh.
To seclude oneself from society, dul ar an uaigneas, fanacht amach ó chomhluadar daoine.
To shun everybody, fanacht amach ó gach aon duine.
To fight shy of sth., fanacht amach ó rud; bheith ag doicheall roimh rud.
With all my soul, ó mo chroí amach.
Once he starts talking..., ó bhaineann sé amach sa chaint . . .
To steer clear of sth., fanacht amach ó rud.
He complimented her with his tongue in his cheek, moladh ó na fiacla amach a rinne sé uirthi.
He tottered in, out, isteach, amach, leis agus na cosa ag imeacht uaidh.
From ten years of age upwards, ó dheich mbliana amach.
We don't want you, fan amach uainn.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht