SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
rud amháin ann féin; caighdeán tomhais (is é an punt an t-aonad airgid atá in Éirinn)
baile eile ina mothaíonn duine chomh sásta ann lena bhaile féin
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
tréithe uile duine a dhéanann duine ar leith de; pearsa i ndráma nó i scéal; duine corr nó aisteach, duine ann féin ar fad
cuid d'abairt a bhfuil ainmní agus faisnéis dá chuid féin ann (mar shampla - cé go raibh an t-uisce fuar chuamar ag snámh - clásal atá sna focail sa chló iodálach); cuid ar leith de chonradh etc.
ar dhéanamh ciorcail nó liathróide, rabhnáilte; bailithe le chéile (cruinn sa halla); díreach ceart, gan aon dearmad (eolas cruinn, aimsiú cruinn); ceart sa cheann (níl sé róchruinn ann féin); sprionlaithe, gortach (cruinn faoi bhia)
cruit ar dhroim duine (agus gan é in ann é féin a dhíriú suas); droim (dronn droichid)
dúchas sa duine nó san ainmhí rudaí áirithe a déanamh astu féin gan mhúineadh gan foghlaim (ar nós mar atá éin óga in ann eitilt)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
gan spás do níos mó ann (soitheach lán; lán go doras); líonta go maith (sparán lán d'airgead); clúdaithe (áit lán de dhaoine, de choiníní); líonta ar fad (le taoide) (tá sé lán); líonta le mórtas (tá sé lán de féin); gach pioc (tá sé lán chomh holc leis)
aonad tomhais i bhfoirgníocht; aonad iomlán ann féin, go háirithe i spásárthach nó i gcóras leictreonach
gan spleáchas le daoine eile; in ann gníomhú agus smaoineamh dó féin; gan a bheith ag brath ar dhaoine eile ina shlí bheatha
clabaire, duine béalscaoilte; duine beathaithe a bheadh cineál ainnis ann féin
duine fada caol a bheadh marbhánta ann féin
a bhaineann le reitric; (le ceist) ní ar thóir eolais ach mar ráiteas ann féin (mar shampla, nach bhfuil an ceart agam?)
cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann
duine nó ainmhí ramhar agus é mall ann féin
duine cantalach dubhach ann féin; suarachán, truán
comhartha nó marc aitheantais; comhartha ballraíochta nó céime; seó, radharch, feic (ná déan suaitheantas díot féin; bhí suaitheantas daoine ann)