SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
tugtha do cheathanna, cith anois agus cith arís ann
comónta, ginearálta (focal coitianta é sin; ní thagann sé chomh coitianta anois)
an ceannbheart ciorclach óir a chaitheann rí nó banríon; aon ní cosúil leis (An Choróin Spíne); píosa ab fhiú 5 scillinge sa seanairgead (ionann is 25p anois)
leibhéalta, réidh (talamh cothrom, meá chothrom); measartha, cóir (lá cothrom oibre, luach cothrom saothair); féaráilte (bí cothrom leis anois)
gan a bheith cam ná cuartha; gan chor gan chasadh; (le haimsiú) cruinn; (le duine) macánta; (le háit nó aimsir) cruinn, ceart (díreach ansin, anois go díreach!)
anois is arís, idir amanna
ón am seo amach (ní fheicfear feasta iad); anois díreach (beidh mé ag imeacht feasta)
tabhairt faoi deara, tógáil ruda isteach leis na súile (ní fhaca sé mé ach chonaic mé é); aithint, meas (fan anois go bhfeicfidh mé); labhairt le (caithfidh mé tú a fheiceáil); cuardach (tháinig sé do m'fheiceáil); dealramh (do)(chonacthas dom nach raibh)
(sa ghramadach) cáilíocht ainmfhocail a fhágann de ghnáth gur féidir é a rá leis nuair atá sé firinscneach agus í nuair atá sé baininscneach (Níl aon inscne neodrach sa Ghaeilge anois)
gan mhoill, ar an toirt; anois díreach (déan láithreach é); i láthair; (sa ghramadach) a bhaineann le láithreach an bhriathair
in áit, i bhfianaise (i láthair na cúirte); anois díreach (san am i láthair, i láthair na huaire)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
bhuel; leoga; an ea anois?
ar ócáidí, anois is arís; ag teacht le hócáid, tráthúil, oiriúnach
bealach gabhála; cead scríofa (pas fillte); cead imeachta (bíodh do phas agat anois); cead taistil thar lear ón Rialtas; giota beag, beagán (pas déanach, pas beag fuar); caighdeán faoi bhun onóracha i scrúduithe
ar a sheal; anois is arís (teas agus fuacht faoi seach)
níos túisce ná, ach (aon ní seachas a bheith díomhaoin); i gcomparáid le (tá siad go breá anois seachas mar a bhí)
tarlú gan choinne nó de thaisme; caoi, deis, faill (seo do sheans anois); ádh, rath (bhí seans leat)
úinéireacht, buannacht (níl pingin ar, i, mo sheilbh); lonnú, áitiú (cé atá i seilbh na feirme anois); sealúchas, maoin, eastát (sealbha saolta)
ag tagairt do rud nó do dhuine in aice láimhe, i radharc etc. (inis seo dom; seo do dheoch; ina dhiaidh seo; é seo, an rud seo); ag tagairt don am láithreach (idir seo agus Nollaig); anois, anseo (seo duit é; seo leat; seo chugainn é)
an leacht i dtoradh nó i nglasra etc. (sú oráiste, sú crainn); fuinneamh, brí (níl mórán sú fágtha anois ionam)
gar do (fan i mo threo; cuir na leabhair i dtreo a chéile); in ord (tá gach rud i dtreo anois)