SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
eorna nó grán eile a thumtar in uisce go bpéacann sé, agus a thriomaítear ansin go n-úsáidtear chun beorach é
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir)
gan a bheith cam ná cuartha; gan chor gan chasadh; (le haimsiú) cruinn; (le duine) macánta; (le háit nó aimsir) cruinn, ceart (díreach ansin, anois go díreach!)
íonú a dhéanamh ar leacht trí ghal a dhéanamh ar dtús de le teas agus ansin an ghal a fhuarú chun leacht a dhéanamh ar ais di (is mar sin a dhéantar fuisce agus poitín); ligean do leacht titim ina bhraonta
éan sna fabhalscéalta a dhódh é féin agus ansin a d'aiséiríodh as an luaithreach ina éan óg; focal moltach ar laoch nó ar bhean uasal (san fhilíocht)
fostú ruda ag duine agus tar éis an luach iomlán a bheith íoctha ina chodanna beaga aige gur leis féin ansin é
an bonn a bhaint ó rud (duine, crann, a leagan); caitheamh, iomrascáil; ísliú (seol a leagan); cur síos, cur in áit (cloch bhoinn a leagan; leag do lámh air); gearradh (leagadh cáin throm air); cur (leag ansin í, go leaga Dia an t-ádh ort); claonadh, lé (leagan a bheith agat le rud, leagan ó dheas)
brú chun cinn (sáigh chun cinn ansin; bád a shá amach); polladh le bior, scian etc. (duine a shá le miodóg); sacadh, ropadh (sháigh sé síos ina phóca é)
cumasc de luaidhe agus stán a mheiltear agus a úsáidtear ansin chun sádrála
análú amach, aer a thiomáint amach as an mbéal; síobadh aeir, gaoithe etc. (séidfidh an oíche fós); líonadh le haer (balún a shéideadh); lasadh agus at (aghaidh shéidte); cur go fras (ag séideadh fola); caitheamh (séid isteach ansin é); ionsaí (shéid siad ar an obair); cur suas, griogadh (ag séideadh fút a bhí sé)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
ceangal a dhéantar ar chorda nó rópa trína dhá gceann a lúbadh ar a chéile agus a tharraingt ansin chun iad a fháscadh; aon chineál ceangail (snaidhm an phósta; bhí snaidhm ar mo chroí); fadhb; buille
duine righin dúr; duine atá deacair a lúbadh; staic (sheas sé ansin ina stangaire); leisceoir, leiciméir
cúrsa, turas, aistear (timpeall an tobair a thabhairt; tá míle de thimpeall ansin); máguaird (na daoine inár dtimpeall); comharsanacht (tá timpeall an tí le réiteach); giorta (tá ceithre troithe de thimpeall aige)
(thusa faoi réir an bhriathair) tú féin (is tusa a dúirt é; dfhág sé thusa ansin)