SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
gan a bheith aibí, leanbaí (duine anabaí); roimh am (breith, bás, anabaí)
an spiorad nó an chuid inmheánach den duine a chreidtear a mhaireann tar éis a bháis; beatha (thit an t-anam as); brí, fuinneamh (cuir anam ionat féin)
bás a fháil faoi uisce de cheal aeir; tumadh nó suncáil faoi uisce; fliuchadh go mór; múchadh (tarta)
duine nó ainmhí a bhfuil cuma an bháis air
duine a cheaptar chun breith bháis a chur i bhfeidhm
cur chun báis nó a fháil bháis
bean den slua sí a chaoineadh bás duine
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
cuma, foirm, cruth (i gcló duine; tá cló an bháis air); clóbhualadh
coiste a oibríonn le cróinéir chun bás tobann nó tubaisteach a fhiosrú
buairt faoi chaill duine eile (rinne siad comhbhrón léi faoi bhás a hathar)
baol díobhála nó caillteanais, dainséar (bheith i gcontúirt do bháis, do bháite)
bualadh mall cloig, go háirithe ar ócáid bháis nó sochraide; focal fonóide
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
bail dhona le breoiteacht (i gcróilí an bháis)
feidhmeannach agus é de phríomhchúram air fiosrúchán a dhéanamh in aon bhás timpisteach nó amhrasach
ealaín, go háirithe ealaín na filíochta; dréacht i bhfilíocht seachas i bprós ina léiríonn duine a smaointe agus a shamhlaíocht (i línte tomhaiste de ghnáth agus rím iontu); cinniúint (bhí an bás i ndán dó)
nádúrtha, dúchasach (ba dhual athar dó a bheith deas); oiriúnach (an áit is dual duit); i ndán nó beartaithe (do dhuine) (is dual dúinn uile an bás)
bás; dul chun báis nó i léig; easpa cumais, barrliobar (éag a bheith i lámh duine)
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
béal géar (scine nó airm eile); fuadar (faobhar cainte a bheith ort); ciumhais, scéimh (faobhar aille); arm géar (bás le faobhar)
eolas, léann (duine a bhfuil foghlaim air); fios ruda nó fios conas rud a dhéanamh a fháil (ag foghlaim léitheoireachta, snámha); múineadh (rud a fhoghlaim do dhuine); dul trí rud (ag foghlaim an bháis)
toghchán i ndáilcheantar amháin a thagann de thoradh teachta a fháil bháis, a éirí as oifig etc.
tar éis báis (scrúdú iarbháis)
áit phionóis do dhaoine mallaithe tar éis a mbáis
leadradh; daoradh agus cur chun báis gan triail, go háirithe ag slua daoine bheadh corraithe go mór ag coir
mírún, mioscais, droch-chroí; (le cneá, créacht) díth nó dochar (a bheadh ina thrúig bháis)
duine a fuair bás ar son a chreidimh; duine a d'fhulaing go cráite ar son cúise
dán brónach faoi bhás duine
a bhfuil marú ann, a d'fhéadfadh do bhás a thabhairt
bás ar son creidimh nó cúise; fulaingt chráite; taisí mairtírigh nó naoimh
cur chun báis; crá, ciapadh; maolú (fuaime, péine etc.)
scamall; gruaim; buile, spreang (néal feirge); codladh beag (thit néal orm); támhnéal (tá néal an bháis air)
go dtí (go nuige seo); go dtaga (go nuige a bhás); fiú (go nuige an t-ainmhí féin)
duine a dtiteann oidhreacht air le bás an úinéara, comharba
an ola a chuireann sagart ar dhuine i mbéal báis
breithiúnas a leagtar ar dhuine mar gheall ar olc nó ar choir éigin (pionós báis); crá croí (is mór an pionós é)
caill, cúis bhróin (is mór an phúir a bhás)
foirm (i riocht aingeal); bail, cuma, cás (i riocht pléascadh, i riocht báis); acmhainn, lán (tá mo riocht ite agam; ná téigh thar do riocht leis)
oibriú (feirm, glasraí; a shaothrú); forbairt (ag saothrú ealaíon); tuilleamh (ag saothrú airgid, do bheatha); ionramháil, láimhseáil (saothraigh isteach an bád); foghlaim (ag saothrú an bháis); pá, tuarastal (tá saothrú maith aige)
i seilbh agat; seilbh a fháil ar; lonnú, fréamhú (tá an bás ag sealbhú ann)
rian, lorg (sliocht a mhéar); clann nó clann clainne (fuair sé bás gan sliocht); mír as leabhar etc.
bás a fháil; tachtadh, múchadh
scéala báis; bás (tháinig a thásc inniu); tuairisc, cuntas (níl tásc ná tuairisc air); clú, cáil
ráiteas scríofa nó clóite faoi fhírinne ruda (teastas pósta, teastas breithe, teastas báis); teistiméireacht, deimhniú (faoi scrúdú a bheith faighte ag duine); tuairisc, cuntas (sin an teastas a fuair mé air)