SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
réidh le baint (mar arbhar) nó le hithe (mar úll); gasta, cliste (súil aibí)
ag baint (le), a bhaineann (le)
deas le hithe nó le hól; ráite go deas (caint bhlasta); ag obair go deas (tá an speal ag baint go blasta)
cloch chrua ar féidir spréacha a bhaint aisti le píosa de chruach
leá méin le miotal a bhaint as
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
leas (buntáiste a bhaint as rud); tosach áite ar dhuine eile; seans le bua a fháil
a bhfuil céasadh ann nó ag baint leis, peannaideach
an cineál oibre nó saothair a dtuilleann duine a bheatha leis; obair a bhfuil scil ar leith ag baint léi; slí bheatha
go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
tochas beag a chur ar dhuine le sciotaíl gháire a bhaint as
gual agus an gás bainte as le teas an-ard
atá ina choir nó a bhfuil baint aige le coir (gníomh coiriúil)
craiceann a bhaint de rud; craiceann a leasú chun leathair; dathú nó clúdach le coirt
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
uirlis le lann chuartha agus doirnín beag chun féar, arbhar etc. a bhaint; an giall íochtair (corrán géill)
corraí nó suaitheadh tobann a bhaint as rud (chroith sé a cheann, chroith sé lámh liom); leathadh (síol a chroitheadh, salann a chroitheadh ar rud); beartú, sméideadh (chroith sé an bata liom, a cheann orm)
radharc na súl a bhaint de dhuine go sealadach le solas etc.
leá, scaipeadh (tháinig díleá orthu); leá bia sa ghoile le go bhféadfadh an corp fuinneamh a bhaint as
gan glacadh le rud (ná diúltaigh é); a rá nach mbeidh baint ná páirt agat le rud nó duine; droim láimhe a thabhairt le rud (diúltú don diabhal); lagú (tá an ghrian ag diúltú); seachaint, druidim siar (tá siad ag diúltú romhainn)
cineál crua cloiche ar féidir spréacha a bhaint aisti go héasca le smut de chruach
scamhadh fiacla chun duine mar olc air; scaimh; druidim, teagmháil, baint (ná drann leis; níl sé ag drannadh leis an ól)
déileáil, trádáil; úsáid, buntáiste (ní thig liom aon earraíocht a bhaint as)
brú ruda le leacht a bhaint as (éadach, oráiste, a fháscadh); teannadh (lámh, snaidhm, téad, a fháscadh); teannadh, druidim, le (tá siad ag fáscadh orainn); teannadh (fáscadh chun reatha)
baint glóir as na liopaí le sásamh chun bia, dí etc.
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
tnúth le cáil ard a bhaint amach
imeacht, siúl, bogadh ó áit go háit (gluais ort; gluaiseacht tráchta); imeachtaí eagraithe le cuspóir a bhaint amach (gluaiseacht na saoirse)
fuaim a dhéantar gan úsáid a bhaint as an teanga ná na fiacla ná na beola (is é sin, gan chonsan) ar nós a, e, i, o, u, gearr nó fada, á n-úsáid leo féin nó le chéile chun fuaim a léiriú
bualadh bainne i gcuinneog le him a bhaint as
a bhfuil náire ann nó ag baint leis; cúthail
duine nó rud a bhfuil crá nó ciapadh ag baint leis
cuid, píosa, blúire; taobh, lámh (ghlac sé páirt ann; páirt duine a thógáil); comhluadar, caidreamh (ná bíodh baint ná páirt agat leo); cion, cairdeas (lucht gaoil agus páirte; a leanbh na páirte); páirtíocht, comhar (rinne sé i bpáirt liom é)
focal beag a chuirtear roimh ainmfhocal lena thaispeáint cén bhaint atá aige le focal eile (mar shampla; ar, as, ag, do, de, i, ó etc.)
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint (tá trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid (tá roinnt mhaith airgid aige); beagán (tá sé roinnt cosúil leat)
saoradh ó bhaol etc.; caomhnú, cosaint ó dhochar; barra nó torthaí a bhaint agus a chur ó bhaol; cur thart le húsáid ar ball (airgead a shábháil)
obair (chrua) (lá mór saothair); anró, dua (bhí saothar ag baint leis an obair sin); strus anála (tá saothar ort ina dhiaidh); éacht oibre; obair ealaíne nó litríochta; damáiste
seans ag baint leis; ádhúil, sona
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
gléas ceoil a leagtar ar chlár, agus sreanga miotail ann a phioctar le ceol a bhaint as
feidhm a bhaint as an intinn (ag smaoineamh go domhain; rinne mé smaoineamh i m'intinn); tuairim, cuimhneamh (is maith an smaoineamh é; le smaoineamh nó le briathar; ag smaoineamh ar é a dhéanamh)
baint nó gearradh le speal; scilligeadh (coirce ag spealadh); lomadh (is mór a speal sé le bliain); scaipeadh (speal sé a chuid airgid)
marc le haimsiú nó le sroicheadh; marc teorann; comhartha talún; pointe, spota, áit choinne; pointe ama (rud a íoc ar an sprioc); cuspóir, ceann cúrsa (ceann sprice a bhaint amach)
baint nó tarraingt le fórsa (shrac siad an t-éadach de; shrac an bád an t-ancaire); fadhbáil (táimid ag sracadh linn); babhta, tamall (sracadh breá codlata); neart, fuinneamh (fear a bhfuil sracadh ann)
iarsmaí ón seanreacht nó a mbeadh baint acu le duine marbh (taisí na naomh, na seancheall)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
aon ghné den táirgeadh a bhfuil baint aige le hullmhúchán ábhar nó earraí i gcomhair díolacháin (tionscal an iascaigh, tionscal na cuartaíochta)
(le duine) barrthuisle a bhaint as (truipeáil ar rud); ciceáil
brí a bhaint as (teanga a thuiscint; tuigfidh tú as); aithint (tuigim do chás; tuigim duit; thuig mé go raibh deifir ort); glacadh le (ná tuig gurb aon amadán é); ciall a bheith agat dó (an té nach dtuigeann ceol); samhlú (tuigeadh dom gurbh é a dúirt é); fáil le fios (ní hé sin a thuig mé uaidh); eolas (aois na tuisceana; lucht na tuisceana); bá, nádúr (is beag tuiscint atá ann)