Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bain le · ainle · baile · bailte · baint
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There's something about a horse, that..., tá rud éigin ag baint le capall a...
He can turn everything to account, is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos.
The cost of printing affects it, tá baint ag costas na clódóireachta leis.
Political affiliations, baint f le lucht polaitíochta.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
The industrial applications of a discovery, an fheidhm atá le baint as fionnachtain i gcúrsaí tionscail.
I had no art or part in it, ní raibh baint ná páirt agam leis.
Aside from that, gan baint de sin, gan bacadh leis sin.
Method attended by great difficulties, dóigh a bhfuil deacracht mhór ag baint léi.
To bamboozle s.o. out of sth., rud a bhaint de dhuine le cealg, dul i mbéal duine ar rud.
To aim a blow at s.o.'s authority, féachaint le baint de cheannas duine.
Subjects closely bound up with one another, ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile, ábhair atá fite fuaite le chéile.
You can't bowl him over, ní thiocfadh leat biongadh a bhaint as.
He played a chief part in..., bhí baint mhór aige le...; bhí sé ar na daoine ba mhó a bhí páirteach i...
To chisel sth. off, rud a bhaint le siséal.
That doesn't come within my duties, níl aon bhaint aige sin le mo chuid dualgas.
This question has no connection with ..., níl aon bhaint ag an gceist seo le ...
He is in contact with them, tá caidreamh, baint, aige leo.
To cozen s.o. out of sth., rud a bhaint de dhuine le calaois.
A book dealing with the subject, leabhar ag baint leis an ábhar.
F: He deals in politics, tá baint aige le polaitíocht.
To defraud s.o. of sth., rud a bhaint de dhuine le calaois, rud a chlifeáil ar dhuine.
When I had to do with him . . ., nuair a bhí plé, baint, agamsa leis.
I had nothing to do with it, ní raibh baint ná páirt agam leis, ní raibh lámh ná ladhar agam ann.
It does not come within my domain, níl aon údarás agam air, níl aon bhaint agam leis.
This was meant as a draw, but he did not rise to it, d'fhonn é a bhaint amach a rinneadh é seo, ach ní bheadh aon roinnt aige leis.
To extort money out of s.o., airgead a bhaint de dhuine le foréigean.
It is extraneous to the matter in hand, níl aon bhaint aige leis an ngnó atá idir lámha, ní bhaineann sé le hábhar.
To frighten s.o. into fits, beatha na n-éag a bhaint as dhuine (le scanradh), duine a chur ar crith ina chraiceann le scanradh.
To force sth. from s.o., rud a bhaint de dhuine le foréigean, le láimh láidir, dá ainneoin.
He was funny that way, bhí aistíl ag baint leis sa méid sin.
He got it out of the bottle, d'éirigh leis é a bhaint as an mbuidéal.
I had given him up (for lost), is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis.
To gouge out, (clais) a bhaint le gúiste.
F: That's neither here nor there, níl baint ar bith aige sin leis an scéal.
There's no humbug about him, níl aon chur i gcéill ag baint leis.
That is immaterial to the subject, níl baint ar bith aige sin leis an ábhar.
Independently of, gan baint le; ar neamhchead do (rud, dhuine).
To iron out a crease, filleadh a bhaint as éadach leis an iarann.
To make irrelevant remarks, rudaí a rá nach bhfuil baint acu leis an scéal.
To jab s.o.'s eye out with an umbrella, an tsúil a bhaint as duine le scáth fearthainne.
To labour up a hill, barr cnoic a bhaint amach le dua.
To take the law into one's own hands, ceart a bhaint amach le lámh láidir.
I had little to do with it, is beag an bhaint a bhí agamsa leis.
To luxuriate in dreams, do shásamh a bhaint as brionglóidí, tú féin a thabhairt suas le fonn do bhrionglóidí.
To meddle with sth., bheith ag plé le rud, ag baint le rud.
This passage makes nonsense, níl aon chiall le baint as an bpíosa seo.
I have nothing to do with it, níl baint ar bith agam leis.
To get money out of s.o., airgead a bhaint de dhuine (le bagairt, mealladh).
I had neither part nor lot in it, ní raibh baint ná páirt agam leis.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht