Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bruaigh · buaibh · buaidh · bunaigh · fuaigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é buaigh de: uaigh » · buach »
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua)
ábalta bua a fháil, buaiteach
bua a fháil, gnóthú (bhuaigh sé orm; is deacair buachan air)
leas (buntáiste a bhaint as rud); tosach áite ar dhuine eile; seans le bua a fháil
bua, ceannas, craobh; laochas, mórtas
géag crainn; brainse d'eagraíocht (craobh de Chonradh na Gaeilge); bua (an chraobh a bheith leat; craobh na hÉireann); dual gruaige; fraoch fada láidir
bua nó cumas rudaí a thabhairt ar ais san aigne (beidh cuimhne ar an lá seo fós); na rudaí ar fad a gcuimhníonn daoine orthu (más buan mo chuimhne; cuimhní cinn)
míorúilt, bua míorúilteach (a Dhia na bhfeart)
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra)
bua nádúrtha i nduine
buachan, baint tairbhe nó sochair as rud
oibriú, saothrú, go tairbheach (ag gnóthú ar an iasacht); buachan (duais a ghnóthú)
dréim le daoine eile chun rud (mar dhuais, geall etc.) a bhuachan
an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine; solas an lae (fanfaimid go lá); an tréimhse ó mheán oíche go meán oíche arís (seacht lá na seachtaine); lá, dáta, áirithe (lá aonaigh, lá pá, an chéad lá den mhí); lá féile (Lá Nollag, Lá Bealtaine); bua an lae (tá an lá leat); ré saoil (bhí sé go maith ina lá); aimsir reatha (sa lá atá inniu ann); tréimhse (is fada an lá ó chonaic mé é); (ón lá seo amach; an lá is fearr a bhí sé); uair, am (lá éigin, lá dá raibh); pioc (níl lá iomrá aige air)
focail nó siombailí scríofa a thuiscint; focail scríofa a rá os ard (léigh amach é); rá (cé a léigh an tAifreann?); bua na léitheoireachta (níl léamh ná scríobh aige); ciall, míniú, léiriú (cártaí, lámh duine, a léamh); tuiscint, dul amach (níl aon léamh ar an bhfear sin)
briseadh (dlí rialach etc.); éigniú (tearmann, bean, a shárú); bréagnú (argóint a shárú); buachan ar, teacht thar (duine a shárú i rás; níl a shárú le fáil; tá an leathchéad sáraithe aige); teacht roimh, ceapadh, teanntú (sáraigh na ba sin dom); crá, ciapadh (madra ag sárú caorach); tuirsiú (sáraithe ag an obair)
dea-thréith, bua (na suáilcí diaga); feabhas, cumhacht, tabhartas (suáilcí na hurnaí; suáilce ó Dhia); áthas, pléisiúr (suáilce a bhaint as rud; suáilce na bhflaitheas)
bua, lámh uachtair (thug sé an svae leis)
éirim, bua (tallann cheoil); ríog, racht, taom (tallann feirge, oibre)
cáilíocht i nádúr duine; mianach, bua (tréithe dúchais, pearsanta, duine); éacht (tá tréithe déanta aige); cleas (cuir uait na tréithe)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht