Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: leis · leos · locais · clois · coise
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cos bain2 (cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa) cos ar bolg leatrom, éagóir, foréigean cois taobh le (cois na habhann) le cois in éineacht le (tar le mo chois; cúpla punt le cois) ar cois ar siúl, ar bun (tá rud éigin ar cois)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
carraig nó smut de charraig; seoid (cloch uasal); aon rud cosúil le cloch (cloch phluma, cloch shilín; cloch dhuáin); aonad meáchain = 14 pt. nó 6.35 kg.; cladach (iascach cois cloiche); carraig san fharraige; magairle
(in abairt) le cois; le chéile, ag an am céanna (dul in éineacht le duine; dhá rud a dhéanamh in éineacht)
(in abairt) i bhfochair, le cois (i bhfail a athar, i bhfail a chéile)
le cois (cé a bhí farat?); chomh maith le, thar (punt fara do cheart)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
ainmhí cosúil le heasóg mhór a mhaireann cois uisce
fás cosúil le féar garbh a fhásann cois uisce nó i riasc, cíb (Úsáidtear í in ionad tuí mar dhíon ar thithe)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
le cois, i dteannta
le cois, in éineacht le; chomh maith le
coimhdeacht, comóradh (thionlaic sé abhaile í); seinm ar ghléas ceoil le cois duine atá ag amhrán
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht