SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
brainse den mhatamaitic ina n-úsáidtear siombailí ginearálta, go mór mór litreacha, chomh maith le huimhreacha
madra mór cosanta cosúil le mac tíre
moncaí mór a bhfuil soc air cosúil le madra
diúltú déileáil le duine (go mór mór i gcúrsaí gnó)
damba in abhainn leis an uisce a dhoimhniú; scaoileadh tiubh as gunnaí móra le bac ionsaithe a chur ar an namhaid
crann mór; duine mór le rá
diúlach; gaige, duine mór le rá (boc mór)
tuargaint áite le gunnaí móra
álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)
(le gramadach) céim thar an ngnáthchéim ag aidiacht (níos faide níos mó mar shampla)
cailliúint (is oth liom do bhris; is mór an bhris air é)
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
ainmhí mór cosúil le bó; adharc lena séideadh, troimpéad beag
ainmhí cosúil le frog mór agus craiceann garbh air
ainmhí mór Astrálach le heireaball fada agus a chosa deiridh chomh láidir sin go dtig leis léim mhór fhada a thabhairt (Iompraíonn an ceann baineann a rudaí óga i bpóca faoina bolg)
duine a bhfuil aithne agus cion agat air, duine muinteartha, duine atá mór leat agus tú mór leis
ceann de litreacha móra na haibítre (A, B, C i gcomórtas leis na cinn bheaga a, b, c)
gean, grá (le cion ort); meas (cion ar airgead); feidhm, éifeacht (an rud is mó a chuaigh i gcion orm)
gléas ceoil mór le fráma triantánach agus sreanga a phioctar leis na méara
iasc sliogánach cosúil le séacla mór, piardán
bac, go háirithe bac gaoil chun pósta; gaol (col ceathar, col seisir); drochbheart, gníomh uafásach; briseadh móide nó focail; gráin, drogall (tá col agam leis; bhí col orm é a dhéanamh)
compántas le pribhléidí agus le dualgais áirithe (coláiste na gcairdinéal); scoil mhór neamhspleách laistigh d'ollscoil; meánscoil nó ardscoil mhór
duilleog mhór; fiaile le duilleoga móra agus fréamhacha láidre (copóg shráide)
duine a ghriogadh nó a chiapadh le magadh nó a bheith ag priocadh air nó fearg bheag a chur air leis an iomarca ceisteanna etc. (cráite ag an saol; is mór an crá croí é); brón (mo chreach is mo chrá)
lámh mhór; ladar, lapa; lán láimhe; gléas le dhá pháirt d'inneall a ghreamú nó a scaoileadh
fuáil go bog le greamanna móra
reiptíl mhór chontúirteach atá le fáil thart ar aibhneacha ina lán tíortha teo
rud ar aon déanamh le + nó x; fráma mór adhmaid a gcrochtaí duine a bheadh daortha air fadó; siombail an chreidimh Chríostaí; angar, pionós (na crosa atá i ndán dúinn); cosc, bac (cros a chur in éadan ruda); dochar, millteanas (páistí ag déanamh cros)
sa stair, turas Críostaithe chun an Tír Naofa a fháil ar ais ó na Mahamadaigh; gluaiseacht mhór ar mhaithe le haon dea-chúis
cruinniú idir breitheamh agus lucht dlí leis an dlí a riar; teach cúirte; pálás rí nó banríona (cúirt ríoga); mainéar, teach mór; spás atá iata isteach ag foirgnimh (cúirt caisleáin); réileán imeartha (cúirt leadóige)
neart nó fuinneamh (cumhacht leictreachais, cumhacht adamhach); údarás, ceannas (an té a bhí i gcumhacht); ábaltacht ar rud a dhéanamh; tír láidir nó mór le rá (na cumhachtaí móra)
cineál de shiosúr mór le caoirigh a bhearradh
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
ainmhí Afracach an-mhór agus craiceann ramhar air, a mhaireann in uisce nó láimh le huisce
sconna mór uisce ag titim le haill
éirí mór nó ard; teacht féir nó plandaí; forbairt (le fás an léinn, an eolais); toradh an phróisis sin, planda, slat; síolrú (an dream ónar fhás sé)
airgead a íocann rialtas chun cabhrú le tionscal nó le seirbhís toisc an chabhair sin a bheith ar mhaithe leis an bpobal mór (ar nós airgead a íoctar chun praghas bia a choinneáil íseal)
teallach iata cosúil le hoigheann an-mhór ina gcruthaítear teas éachtach
gabhlóg, uirlis a bhfuil lámh agus beanna uirthi, a úsáidtear chun bia a phiocadh suas; uirlis cosúil léi, ach í níos mó, a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta, píce
ainmhí cosúil le luch mhór a dhéanann cogaint nó creimeadh
éisc mhóra cosúil le langa, trosc etc.
éan snámha cosúil le lacha, ach é níos mó, a choinnítear mar éan clóis (Tá géanna fiáine ann freisin)
ainmhí sléibhe nó machaire cosúil le coinín mór agus cluasa fada agus cosa fada deiridh air
cion nó searc mhór (idir fear agus bean, nó idir dhaoine); léiriú ceana (níor ghráigh mé riamh é); an té a ghráitear (a ghrá mo chroí); déirc, gar (le grá dia orm a rinne sé é)
duine baineann clainne; cailín, bean óg (a iníon ó!)(le ceannlitir mhór) foirm aithisc nó teideal cúirtéise roimh ainm mná nach bhfuil pósta (Is í seo Iníon Uí Bhriain)
earc mór crainn atá le fáil i dtrópaicí Mheiriceá Láir agus Theas
gan spás do níos mó ann (soitheach lán; lán go doras); líonta go maith (sparán lán d'airgead); clúdaithe (áit lán de dhaoine, de choiníní); líonta ar fad (le taoide) (tá sé lán); líonta le mórtas (tá sé lán de féin); gach pioc (tá sé lán chomh holc leis)
duine misniúil cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán
clár mór nó painéal le lasca a rialaíonn nó a ghreamaíonn sruthanna leictreachais, teileafóin etc.