SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
cumhacht rómhór, cumhacht tíoránaigh
i do bheatha, ar an saol; a bhfuil brí nó teas nó cumhacht ann (sreang bheo, aibhleog bheo, bolcán beo); beoga
tomhas cumhachta leictreachais cothrom le 1000 vata
oifigeach a scrúdaíonn ábhar clóite nó scannáin agus é de chumhacht aige a rá an bhfuil siad oiriúnach le scaoileadh i measc an phobail
cumhacht nó údarás dlí; an limistéar a ritheann údarás breithimh nó cúirte, etc. ann
an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air)
cumhacht, neart, foréigean; éifeacht
cumhacht a ghintear as scoilteadh adamh
cineál eitleáin a eitlíonn le cumhacht tiomána lián a chasann ar aiseal ingearach
socrú, ord, eagar; troscán (inneall tí); gléas (inneall a chur ort féin); ord ceart (in ord agus in inneall); gaiste (inneall a chur); meaisín, gléas cumhachta nó tiomána (Inneall a thiomáineann gluaisteáin, traenacha agus eitleáin)
a ghluaiseann le cumhacht innill
cumhacht leis an bhfírinne a bhrath díreach gan réasúnaíocht
gan a bheith amuigh (tá na ba istigh); tar éis teacht (tá an bád, an traein, istigh); i gcumhacht nó in oifig (tá rialtas nua istigh); is faide isteach (éadach istigh, an seomra istigh); tar éis teacht nó dul isteach, faoi bhallaí, faoi chlúid; cairdiúil, sásta (bheith istigh leis an sagart; istigh leat féin); críochnaithe (tá bliain eile istigh)
gan neart, gan a bheith láidir; gan chumhacht (tír lag); gan éifeacht (freagra, iarracht, lag; creideamh lag); gan substaint (fíon, tae, lag); gan a bheith aibí (páistí laga); beag (is lag a shíl mé go)
bád maith mór agus cumhacht á tiomáint
fuinneamh dofheicthe a úsáidtear chun solas agus teas agus cumhacht innealra a chruthú
biseach a chur dhuine breoite; rud, scéal etc., a chur ina cheart (leigheasfaidh sé sin do chás); ealaín an dochtúra (lucht leighis); cóir feabhsaithe (leigheas ar chasacht); cúiteamh (leigheas ar dhíobháil); cumhacht leighis (tá leigheas sa rud sin, tá leigheas ag Brian); smacht, neart (tá sé crosta ach níl aon leigheas aige air)
muileann a oibríonn le cumhacht gaile
muileann a oibríonn le cumhacht gaoithe
muileann a oibríonn le cumhacht uisce
chomh láidir is atá rud, láidreacht; fórsa, cumhacht (neart na tola, na gaoithe; de neart reatha); go leor, dóthain duine (tá neart ama againn); leigheas (dá mbeadh neart agam air); cumas (níl neart agam teacht as)
scoil ardoideachais agus cumhacht aici céimeanna a bhronnadh
flaitheas; cumhacht ceannas; tréimhse, aois, ré saoil
cíocras rómhór chun saibhris etc.; fonn ceart chun oibre, cumhachta etc.
eitleán gan liáin faoi chumhacht scairdinnill a thiomáintear le tolg aeir théite a fhórsáiltear tri phíobáin taobh thiar (Tugtar scairdtiomáint air seo)
dea-thréith, bua (na suáilcí diaga); feabhas, cumhacht, tabhartas (suáilcí na hurnaí; suáilce ó Dhia); áthas, pléisiúr (suáilce a bhaint as rud; suáilce na bhflaitheas)
neart, fórsa (le teann na gaoithe); strus, straidhn (is iomai teann a rug air); béim (teann a chur ar fhocal, ar do ghuth); taca, tacaíocht; gustal (tá teann ar a chúl aige); muinín, dánacht (níl teann agam air sin); cumhacht, údarás (cathain a tháinig sé i dteann?); ardphointe (i dteann a réime; le teann oilc a rinne sé é)
feithicil throm phaisinéirí a ritheann ar ráillí le cumhacht leictreachais ar shráideanna
duine láidir, gaiscíoch, laoch; neart, cumhacht (le tréan na gaoithe); neart, flúirse (tá tréan airgid aige)
bail an ruda atá tréan; neart, fórsa, cumhacht
i gcumhacht; i ngleic (i dtreis leis an namhaid); i gceist (an rud atá i dtreis eadrainn; tá rud éigin sa treis acu sin)
neart, cumhacht (le treise lámh); béim (treise a chur le focal)
dlínse (údarás an rialtais); dealramh na fírinne (scéal gan údarás); tiarnúlacht (ba mhór an t-údarás duit é); cuallacht agus cumhachtaí speisialta aige (údarás áitiúil)