Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aodh · mádh · midh · miodh · moch
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
modh fir3 bealach nó dóigh le rud a dhéanamh (modh oibre); iompar ceart (modh agus múineadh); urraim (modh don aois); measarthacht (dul thar modh le rud) (sa ghramadach) gné den bhriathar a léiríonn cé acu ráiteas, ordú, guí, etc. atá i gceist (modh táscach, ordaitheach)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
modh iompair, gnásanna
modh labhartha
caint, urlabhra (chuir sé canúint orm); modh cainte a bhaineann le ceantar nó le haicme ar leith (canúint Chonamara); tuin, modh foghraíochta (canúint ghalánta ar a chaint)
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear i gcás a mbeadh coinníoll i gceist
déanamh, dealramh (i gcruth duine; cur cruth ort féin); bail, staid (bhí sé i gcruth titim); modh, dóigh (i gcruth is go)
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear chun guí, dóchas nó éiginnteacht a léiriú (fan go dtaga sé; nárab é duit)
(sa ghramadach) den mhodh a ghuíonn beannacht, mallacht etc., ar aon dul i bhfoirm leis an bhfoshuiteach (go dtaga do ríocht; nár lige Dia sin, mar shampla)
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
(beithígh) a dhéanamh toircheasach, ar mhodh saorga go minic
modh clóbhuailte ó dhromchla réidh
lár; modh (meán múinteoireachta, na meáin chumarsáide); caighdeán (ar meán); teorainn (chuaigh sé thar meán leis); coim
an iarracht a chaitear le rud a dhéanamh (obair throm); tasc, saothar (obair bhaile); fostaíocht (níl aon obair le fáil); rud ar bith a dhéantar nó a tháirgtear, toradh saothair (obair láimhe, obair ealaíne); modh nó mianach oibre (obair shlachtmhar, thútach); dua (le hobair a fuair mé uaidh é); (iol ) na páirteanna oibre in inneall, i gclog etc.
(sa ghramadach) an modh den bhriathar a úsáidtear agus ordú á thabhairt
nós seanbhunaithe; modh traidisiúnta ceoil nó amhránaíochta
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
an modh ina scríobhann duine nó a léiríonn sé a smaointe; modh déanta ruda (stíl rince); faisean
(le briathar) den mhodh a luann rud mar fhíric agus ní mar a shamhlaítear don chainteoir nó mar ba mhaith leis a bheadh
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht