Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
rud fir3 ní éigin gan a ainm a lua (an rud sin a cheannaigh tú); cúrsa, scéal (an rud a tharla, atá le rá agam); gníomh, beart (an rud a rinne sé); créatúr beo (tá rud beag aici; an rud óg; nach é an rud salach é); acmhainn, sochar (tá rud aige sin; fuair sé rud maith orthu); ní a iarrtar (déan rud ar d'athair); imní, brón (ná bíodh rud ort faoi) ós rud é go ó tharla go rud eile de chomh maith leis sin
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
rud atá déanta i gcosúlacht ruda eile, macasamhail (cóip de litir)
rud a scríobadh de dhromchla ruda eile (cuimil éadach de); teagmháil (chuimil an mí-ádh liom); láínteacht, bladar (duine a chuimilt; ag cuimilt an chait)
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
seachas sin (rud éigin eile); an dara ceann de dhá cheann (an bhróg eile); breise (faigh ceann eile); difriúil (scéal eile é sin)
barra miotail nó adhmaid buailte ar thaca agus ceann de á bhrú síos chun rud éigin trom ar an gceann eile a bhogadh nó a ardú
rud atá ina shamhail de rud eile (tá macasamhail na mbróg sin agam féin); cóip cheart
samhail de rud i bhfoirm ruda eile (ar nós, diabhal de ghasúr, leon fir, bábóg girsí)
iarthar throigh na coise; an chuid de choisbheart a chlúdaíonn nó a thacaíonn le sáil na coise (sáil stoca, bróige); iarthar rudaí eile (sáil scine, cairte)
solaoid, cás a thugtar le cásanna eile a léiriú; duine nó rud a fhónann mar phatrún le leanúint nó le seachaint (ní maith an sampla dá chlann é); cuid bheag de rud a léiríonn cad é mar shórt é an t-iomlán (sampla de mo chuid oibre); comhartha iontais (samplaí is míorúiltí); ainniseoir bocht
siúnta a bhfuil ceann de greamaithe ar bhonn docht, rud a chuireann i gcumas aon ní a ghreamaítear ar an gceann eile de casadh thart gan bhac (cathaoir sclóine)
meas, barr (toradh crainn, toradh talún); rud a thagann as rud eile (toradh a broinne; toradh na hoibre; de thoradh na hiarrachta); aird, beann, aire (ná tabhair aon toradh air, níl aon toradh aige orm)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht