Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: speir · séir · sípéir · spéic · seir
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
spéir bain2 an t-aer uachtarach; an t-aer díreach os ár gcionn (chaith sé in airde sa spéir é; amuigh faoin spéir); aeraíocht, gile, solas (is breá an spéir atá agaibh anseo)
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
na gáis atá san atmaisféar thart orainn agus a thugann anáil dúinn; anáil bheag ghaoithe; spéir; aeráid
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
mála líonta d'aer te nó de ghás a éiríonn in airde sa spéir
an banda solasmhar réaltaí a shíneann trasna na spéire os ár gcionn
stua álainn le dathanna éagsúla a bhíonn le feiceáil sa spéir nuair a shoilsíonn an ghrian tríd an bhfearthainn, tuar ceatha
ball spéire cosúil le réalta agus eireaball scuabach air
éirí dubh nó a dhéanamh dubh (dhubhaigh an spéir, a ghnúis); (le barr ag fás) galar dubh; brón, briseadh croí
fearg a bheith ort le duine; droch-chuma a bheith ar spéir, aimsir etc.; dearg, greadta (mar a bheadh cneá)
cló, cruth; foirm, íomhá (i bhfíor Dé a cruthaíodh sinn); comhartha (fíor na Croise); cuma, cruth (fíor na hoibre a chur ort féin); imlíne (fíor na spéire); ciumhais (fíor aille)
spéir
oscailt i mballa agus gloine inti chun solas agus aer a ligean isteach san fhoirgneamh; paiste solais sa spéir (fuinneoga an lae)
an corpán spéire (satailít an domhain) a thugann solas dúinn san oíche
gan salachar (éadach glan); gan fiaile (talamh glan); gan truailliú (aer glan); gan smál (anam glan); gan frídíní galair (fuil ghlan); gan scamaill (spéir ghlan); gan mháchail (obair ghlan); díreach (líne ghlan); soiléir (guth glan); cinnte (ráiteas glan); cothrom (punt, sé troithe, glan); amach is amach (rinne mé dearmad glan de; d'aon ghnó glan); amach ó (fan glan díobh); neamhchiontach (tá mé glan air); scriosta (tá mé glan aige); cruinn (go díreach glan)
ar dhath na spéire glaine
an corpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
fórsa na tarraingthe i dtreo an domhain, nó idir chorpáin eile na spéire, a bhraitheann ar an achar atá siad ó chéile
mapa, cairt a léiríonn an domhan, nó cuid de, nó na spéartha etc.
ríocht Dé, na Flaithis; spéir (ó neamh go lár)
corpán spéire a thimpeallaíonn an ghrian mar a dhéanann an domhan
foirgneamh le teileascóip chun a bheith ag faire ar imeachtaí na spéire, réaltaí etc.
ceann ar bith de na pointí beaga geala i spéir na hoíche, go mór mór cinn a bhfuil suíomh seasmhach acu agus a thugann a gcuid solais féin uathu ar nós na gréine
limistéar mór tíre; ceantar; páirt den domhan nó den spéir
diúracán a theilgtear in airde sa spéir le cúlchaise de gháis theo
soilse ildaite a fheictear sa spéir ó thuaidh san oíche
meall mór de mhíreanna bídeacha uisce nó oighir ar foluain sa spéir; néal bróin, scailp (cad é an scamall atá ort?); scannán (scamall ar bharr bainne, ar chrúba éin)
braonta reoite uisce nó gal uisce a thiteann as an spéir ina gcalóga bána
achar (fág spás eatarthu); fad (spás orlaigh); slí, fairsinge (spás do na cathaoireacha); an réigiún spéire atá i bhfad amach agus gan aon aer ann; seal ama (tabhair spás beag eile dom); coiscéim
glan mar an spéir
gorm mar an spéir
os do chionn, in uachtar, in áit níos airde (thuas an staighre; thuas sa spéir); in áit níos faide suas (an seomra thuas); sa deisceart (thuas i gCúige Mumhan); curtha suas (tá an díon thuas acu); á chaitheamh (ní raibh luid éadaigh thuas air); chun cinn, ar barr (an té atá thuas óltar deoch air)
diúracán féinghluaiste ar dhéanamh na todóige agus cloigeann pléascach air a scaoiltear as fomhuireán nó as long chogaidh nó anuas as an spéir
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht