SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ar dhath an tsneachta nó an bhainne; fionn (gruaig bhán); báiteach (bán san aghaidh); folamh (tá an áit bán); díomhaoin, fiáin (ag imeacht bán); gan aon bharr ag fás air ach féar (talamh bán)
clóca scaoilte gan muinchillí; clúdach d'uige thiubh éadaigh (brat urláir, brat staighre); clúdach ar bith (brat sneachta, brat allais)
furasta a bhriseadh ar nós briosca; tirim crua (sneachta briosc); beoga (glór briosc); réidh; réchúiseach
gráinne beag éadrom (calóga sneachta, arbhair)
carr a bhfuil sleamhnáin adhmaid nó miotail faoi chun sleamhnú ar shneachta
ar aon chéim nó staid (le)(chomh geal le sneachta, chomh maith agus a bhí sé riamh)
titim ghearr fearthainne nó sneachta; radadh, crústach (cith cloch, cith piléar)
sneachta ina chloch bheag chrua
gearradh, briseadh suas; lot; leá sneachta nó oighir; cath (cainte); anró (coirp)
titim throm (fearthainne, sneachta)
lúba de rópa, súil ribe, gaiste; cor (éisc, lín etc.); babhta (tá dol eile sneachta air); gasra, scata; suim (dol maith airgid)
thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi)
duine fireann fásta; rud i bhfoirm fir (fear bréige, fear sneachta); fear céile (í féin agus a fear)
cruth fir déanta as sneachta
fearthainn agus sneachta tríthi (Deirtear flichne leis freisin)
ar dhath an tsneachta nó an aoil; ar dhath an airgid; cosúil le solas an lae nó na gréine; glan, sona; áthasach, geanúil (anam geal, gáire geal, a ghrá geal, is geal an scéal liom é)
bothán sneachta an Eiscimigh agus díon cruinn air
leacht a dhéanamh de rud, rud a imeacht ina leacht, le teas (im a leá, sneachta ag leá); maolú, bogadh (leáfadh sé do chroí); imeacht as, scaipeadh (leáigh mo mhisneach, mo chuid airgid)
briseadh, réabadh; pléascadh (maidhm thalún, shneachta, bháistí)
múchadh (plúchta ag an toit); titim go trom (ag plúchadh sneachta); brú, pacáil (halla plúchta le daoine); asma, múchadh
carn sneachta a bheadh síobtha ag an ngaoth
ceann de dhá stráice chaola adhmaid, miotail nó plaistigh greamaithe faoi bhróga chun gluaiseacht ar shneachta
gusta gaoithe; ábhar séidte (séideán sneachta); puth, saothar anála; seitgháire, seitreach
scuabadh, séideadh (sneachta síobtha); séideadh san aer nó chun siúil; madhmadh, brúchtadh (sneachta ag síobadh)
paiste sleamhain i sneachta; gléas sleamhnaithe (carr sleamhnáin); fánán, slip
briseadh tobann aimsire, le fearthainn throm, sneachta, gaoth agus uaireanta toirneach agus tintreach; racht feirge nó oilc