ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(In intensifying similes). As white as snow, chomh geal le sneachta.
To bank up, móta m, carnán m, a dhéanamh de (chréafóg, shneachta).
Coat of snow, brat m sneachta.
He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg.
There has been a heavy fall of snow, tá brúcht, duartan, trom sneachta caite aige.
The snow comes feathering down, titeann an sneachta ina lubhóga.
To free a road of snow, sneachta a ghlanadh de bhóthar.
He couldn't get over it, níorbh iontaí leis an sneachta dearg ná é.
Hard snow, sneachta cruaite.
It is snowing hard, tá sé ag plúchadh sneachta.
The snow made it difficult to walk, ba deacair siúl ag an sneachta.
The snow lies deep, tá brat trom sneachta ar an talamh.
The snow never lies in that place, ní fhanann aon sneachta ar an talamh san áit sin.
Patch of snow on the mountain, geadán sneachta ar an sliabh.
The snow is settling, tá an sneachta ag luí.
To tramp through the slush, bheith ag spágáil sa sneachta bog.
There has been a heavy fall of snow, tá sneachta trom caite aige.
Driven snow, sneachta séite, síobtha.
Carbonic acid 'snow', 'sneachta' carbóin.
Snowing heavily, ag caidhleadh, ag plúchadh, sneachta.
To be snowed in, up, bheith ceaptha, coinnithe, ag an sneachta.
Snowy white, chomh geal leis an sneachta.
Hail-stone, cloch shneachta.
Mountain surmounted with snow, sliabh faoi chaipín sneachta.
Snow fell thickly, chaith sé brat trom sneachta.
The snow fell thick, bhí sé ag plúchadh sneachta.
The snow has turned into slush, tá an sneachta ina ghreallach.
F: It's all U.P. (=up), caith sneachta ar a lorg.
Untrodden snow, sneachta gan satailt.
The countries where it never snows, na tíortha nach mbíonn sneachta ar bith iontu.