ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is seven shillings a pound, tá sé seacht scilling an punt.
Good business! a sheacht mh'anam thú (sibh, etc.)!
I took every step that I possibly could, rinne mé mo sheacht míle dícheall, gach ar fhéad mé.
Carry two and seven are nine, dó anall, tabhair leat dó, agus a seacht sin a naoi.
s.He did his damnedest, rinne sé a sheacht ndícheall.
The seven deadly sins, na seacht gcinnpheacaí marfacha.
I have many demands upon my time, tá seacht gcúramaí an tsaoil orm.
I was up to the ears, over head and ears, in work, bhí an fómhar ag leathadh orm, bhí na seacht sraith ar an iomaire agam.
(Counting) Seven, eight, nine, a seacht, a hocht, a naoi.
He is up to the eyes in work, tá an fómhar ar leathadh air, tá na seacht sraith ar lár aige.
The Seven Gifts of the Holy Ghost, seacht dtíolaicí an Spioraid Naoimh.
Seven into six won't go, a sé ar a seacht ní féidir sin.
He tried his hardest, rinne sé a sheacht ndícheall.
At the hour of seven, ar a seacht a chlog.
I know him intimately, tá na seacht n-aithne agam air.
Three from seven leaves four, a trí óna seacht sin a ceathair.
He lived a living death, fuair sé na seacht mbás.
He has wonderful memory, tá cuimhne na seacht nduine aige.
F: Lost in the mists of time, caillte le cuimhne na seacht sinsear.
F: I am up to my neck in work, tá seacht gcúraimí an tsléibhe orm.
He went all out for it, rinne sé a sheacht ndícheall é a bhaint amach.
(Of boxer) To be out for seven seconds, luí ar feadh seacht soicind.
F: She had a peck of trouble, fuair sí a seacht sá den anró.
He has plenty of everything, tá a sheacht sá de gach sórt aige.
The reader is referred to page seven, féachtar leathanach a seacht.
The seven sages, na seacht saoi.
A sea of cares, seacht gcúraimí an tsléibhe.
The seven houses, na seacht dteach, dtithe.
Seven years old, seacht mbliana d'aois.
(Counting) Six, seven, eight, a sé, a seacht, a hocht.
Twice seven is fourteen, a seacht faoina dó sin a ceathair déag.
It is seven (o'clock), tá sé a seacht (a chlog).
Seven and six(pence), seacht is réal.
He is seven, tá sé seacht mbliana d'aois; tá seacht mbliana aige.
A sevenfold curse, na seacht mallacht; mallacht faoi sheacht.
To be sweet seventeen, bheith i mbláth na seacht mbliana déag.
(Counting) Five, six, seven, a cúig, a sé, a seacht.
To strain after sth., do sheacht ndícheall a dhéanamh ag iarraidh ruda.
He struggled hard to succeed, rinne sé a sheacht ndícheall ar theacht i dtír.
F: He is swamped with work, tá na seacht sraith ar an iomaire aige.
F: It was ten times worse, ba sheacht measa é.
He tried his best, his hardest, to save them, rinne sé a sheacht ndícheall iad a shábháil.
It is turned seven o'clock, tá sé tar éis a seacht a chlog.
To talk to s.o. like a Dutch uncle, comhairle na seacht seanóirí a thabhairt do dhuine.
A week of Sundays, of weeks, (i) seacht seachtainí; (ii) na cianta.
What do seven and eight make? cé mhéad é a seacht is a hocht?
The seven wise men, na seacht saoithe, an mórsheisear saoi.
The seven wonders of the world, seacht n-iontais an domhain.
It filled me with wonder, chuir sé mo sheacht sá iontais orm.