TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
titim bain2 teacht anuas nó bualadh ar an talamh; tabhairt uaidh (ag titim as a sheasamh); teacht anuas (fearthainn ag titim); ísliú (an ghrian ag titim siar; dá mbeadh praghsanna ag titim); maolú (an ghaoth ag titim); teip (thit sé go mór le bliain; titim siar, ar gcúl); bású (thit na mílte sa chath) ► titim amach bruíon (le duine); tarlú (cad a thit amach?) ► titim cainte leagan cainte, abairt ► titim focail rith nó sciorradh focail ► titim ar teacht anuas ar (is orm a thit an obair); teacht ar (níor thit néal orm) ► titim chun dul chun (ag titim chun feola, chun suaimhnis) ► titim i ísliú ó staid go staid eile (titim i laige, i bpeaca) ► titim le teacht chuig (is leat a thitfidh an áit)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
titim nó truip bheag trí bharr coise a bhualadh ar rud éigin
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
déanamh, dealramh (i gcruth duine; cur cruth ort féin); bail, staid (bhí sé i gcruth titim); modh, dóigh (i gcruth is go)
íonú a dhéanamh ar leacht trí ghal a dhéanamh ar dtús de le teas agus ansin an ghal a fhuarú chun leacht a dhéanamh ar ais di (is mar sin a dhéantar fuisce agus poitín); ligean do leacht titim ina bhraonta
aire, coimhéad (faire na hoíche); breathnú, féachaint; bheith ag súil le rud (ag faire ar bhus); bheith ar tí nó i riocht rud a dhéanamh (ag faire ar thitim); tórramh
titim i dtalamh nó i mbóthar, ísleán; dronn (ar dhuine, ainmhí)
trom as a bharr, ar forbhás, ag faire ar thitim; (le duine) lag, breoite
duine ar féidir leis roinnt rudaí a choinneáil ag gluaiseacht san aer gan ligean d'aon cheann acu titim
talamh, urlár (titim ar lár); leath slí idir an dá thaobh nó an dá cheann (lár líne; lár na páirce, lár an chiorcail); croí (trí lár mo chléibh, i mo lár); coim, básta (crios thart faoina lár)
maide láidir a chuirtear mar chosaint le balla nó cruach nó rud ar bith mar sin atá i mbaol titim
(le huisce etc.) titim ina bhraonta; (le hallas etc.) cur (sileadh súl, fola); draenáil (talamh a shileadh); crochadh (a gruaig ag sileadh léi); filleadh (tá an mhallacht ag sileadh air); lagú (silte ag an ocras; an dream bocht silte); braon, ábhar (sileadh i gcneá)
an domhan (neamh agus talamh); uachtar crua an domhain os cionn uisce nó faoi uisce (titim ar an talamh; chuaigh an long i dtalamh; poll faoi thalamh); ithir, cré (talamh méith; an talamh a leasú); críoch, tír (talamh na hÉireann, ar thalamh an domhain); maoin talún (tiarna talún; tá teach is talamh aige); ball, spota (talún); bonn, bunús (ar thalamh slán)