Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: carr · carra · curry · Harry · marry
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for carry »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
carry1, s. 1 Sword at the carry, claíomh ar iompar. 2 Raon m (gunna, liathróide). 3 Iompar m (bád, earraí) (ó abhainn go habhainn, etc.).
carry2, v.tr. 1 Iompraím, tugaim liom (ualach, earraí); tarlaím, cuirim isteach (an fómhar). To carry one's life in one's hands, bheith i gcontúirt báis. S.a. FETCH3 1, LEG1 1. 2 (Of wires) Seolann (fuaim); (of pipes) tarraingíonn (uisce). 3 To carry pipes under a street, píopaí a leagan faoi shráid. To carry sth. in one's head, rud a choinneáil i gcuimhne. To carry sth. to excess, dul thar fóir le rud. To carry sth. into effect, rud a chur i gcrích. 4 Gabhaim (daingean). He carried all before him, (i) ghnóthaigh sé a raibh ann; (ii) bhí an lámh in uachtar aige i ngach uile shórt. He carried his hearers with him, chuaigh a chuid cainte i gcion ar an lucht éisteachta. He carried his point, chuir sé a intinn féin ar an scéal i gcion. S.a. DAY 1 (b), FOOT1 5 (i) Glacann le (moladh); (ii) cuirim (moladh) á ghlacadh. (Of a motion) It was carried, ritheadh é. 6 a It carries authority, tá údarás aige. (Of money) It carries interest, tá gaimbín le fáil air. b (Of shop) Coinním (earraí). 7 Mil: To carry swords, claimhte a chur ar iompar. 8 He carries his head high, bíonn a chloigeann san aer aige. He carries his liquor well, tá acmhainn mhór óil aige. 9 Iompraíonn, coinníonn suas (síleáil, áirse, etc.). 10 Ar: Tugaim liom (uimhir). Carry two and seven are nine, dó anall, tabhair leat dó, agus a seacht sin a naoi. 11 Abs. (Of gun) Tá raon (fada, etc.) aige. His voice carries well, tá an-réim, ligean, faoina ghuth. 12 St.Exch: (Of broker) Tugaim cairde do.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The motion was carried by acclamation, ritheadh an tairiscint go lúcháireach.
To carry goods by air, earraí a iompar in árthach aeir.
He carried it off with an air, rinne sé go healaíonta é.
To bear, carry, arms, bheith faoi arm (agus éide); bheith ag saighdiúireacht.
To take, carry, a town by assault, baile a bhaint amach d'ionsaí.
Balance carried forward, fuílleach m anonn.
Cr: To carry (out) one's bat, fanacht ag na maidí go deireadh an chluiche.
He carried off the bays, rug sé an chraobh leis.
Carrying capacity, acmhainn f iompair.
He was carried along by the current, scuab an sruth leis é.
He was carried away by joy, bhí sé ag imeacht as a chraiceann le gliondar.
He was carried away by anger, fuair an fhearg bua, an ceann is fearr, air.
It carried me back to the days of my youth, thug sé m'óige ar ais chugam.
Book-k: To carry an item forward, iontráil a thabhairt ar aghaidh.
To carry off the prize, an duais a ghnóthú.
F: He carried it off, (i) rinne sé cúis mhaith; (ii) thug sé an chraobh leis. S.a. AIR.
To carry on during s.o.'s absence, (i) gnó a stiúradh, a choinneáil ar siúl, le linn do dhuine a bheith as láthair; (ii) leanúint ag obair le linn do dhuine a bheith imithe.
Mil: Carry on! leanaigí oraibh!
I shall carry on to the end, ní loicfidh mé nó go gcinnfidh sé orm.
I don't like the way she carried on, ní maith liom a cuid geáitseála.
She carried on dreadfully, rinne sí an ball séire.
Don't carry on like that! beir ar do stuaim! éirigh as do chuid ealaíne!
F: To carry on with s.o., a bheith ag spallaíocht le duine.
St.Exch: To carry over stock, stoc a thabhairt ar aghaidh.
His strong constitution carried him through (his illness), an teacht aniar a bhí ann a thug slán é (ón tinneas).
Carrying business, gnó m iompair.
Carrying capacity, cumas m iompair.
Carrying of arms, iompar m arm.
F: Carrying coals to Newcastle, ag tabhairt liúdar go Toraigh; ag cuimilt saille de thóin na muice méithe.
To carry out a commission, ordú m a chur i gcrích.
To carry on a controversy (with, against, s.o.) on sth., conspóid faoi rud a choinneáil ar bun, a sheadú (le duine).
He carried, won, the day, bhí an lá leis, rug sé an chraobh leis.
To dot and carry one, (i) poncú agus aon a bhreith chun cinn, (ii) F: imeacht ag bacadradh.
To carry into effect, (rud) a dhéanamh, a chur i gcrích.
He was exact in carrying out his duties, ba phointeáilte a dhéanadh sé a dhualgais.
He carried out an experiment, rinne sé tástáil.
To carry a canal as far as the sea, canáil a ghearradh chomh fada leis an bhfarraige.
To fetch and carry for s.o., teachtaireachtaí a dhéanamh do dhuine,
To train a dog to fetch and carry, madra a oiliúint le rudaí a thabhairt chuig duine.
To carry on a stubborn fight against s.o., troid fhada righin a dhéanamh le duine.
To carry on a little flirtation, seal a thabhairt ar suirí.
To carry s.o. off his feet, duine a chur thar bharr a chéille (le háthas, le líonrith).
Com: (Carried) forward, tugtha ar aghaidh.
He carried off the honours, rug sé an chraobh leis.
To carry s.o. in a lady-chair, sac salainn a dhéanamh de dhuine.
To be lax in (carrying out) one's duties, bheith faillíoch i ndualgais.
I ran as fast as my legs could carry me, ritheas chomh géar agus a bhí sé i mo chosa.
He was carrying his life in his hands, bhí a anam i gcúl a dhoirn aige.
He was carried away by his own momentum, an fuinneamh a bhí leis féin d'iompair sé ar aghaidh é.
The motion was carried, ritheadh an tairiscint.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News