EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
hear, v.tr. 1 Cluinim, cloisim(past, chuala; v.n., cloisteáil). I hear you, cluinim thú. A groan was heard, chualathas cnead. I heard my name (mentioned), chualas m'ainm á lua. I heard him speak, chualas ag caint é. I could hardly make myself heard, ainneoin mo dhíchill ar éigean a bhí mo chuid cainte le cloisteáil. I couldn't hear my ears, ní raibh focal i gcluais le cloisteáil agam. He likes to hear himself talk, is maith leis a ghlór féin. To hear sth. said to s.o., rud a chloisteáil á rá le duine. I have heard it said, F: I have heard tell that..., chuala mé iomrá go... That is what I have heard, sin é mo chloisteáil. 2 (Listen to) a Éistim (le). Hear me out, éist go fóill liom. (At meetings) Hear! hear! Dia (go deo) leat! abair é! To hear Mass, Aifreann a éisteacht. Jur: To hear a case, cúis a éisteacht. b To hear a child his lesson, a cheacht a chur ar pháiste. c To hear a prayer, éisteacht le hurnaí. 3 (Learn) To hear a piece of news, scéal nua a chloisteáil. I have heard that. . ., cluinim go . . .; is clos dom go . . . 4 a To hear from s.o., scéala a fháil ó dhuine. You will hear from me, gheobhaidh tú scéala uaim. (As a threat) You will hear from me later on! cuirfidh mise i gcéill duit é ar ball. Com: Hoping to hear from you, agus súil againn scéala a fháil uait. b To hear about, of, s.o., iomrá a chloisteáil ar dhuine. They were never heard of again, ní bhfuarthas lá tuairisce orthu riamh ní ba mhó. This is the first I have heard of it, tá mé sa chéad talamh ar chuala mé é. I never heard of such a thing! ar chuala aon duine riamh a leithéid! I hear of nothing else, tá mo chluasa bodhraithe aige. Father won't hear of it, tá m'athair go dubh ina aghaidh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
His voice was heard above the din, chualathas a ghlór os cionn an ghleo.
I heard of it after, ina dhiaidh sin a chuala mé é.
I only heard of it afterwards, ní raibh a fhios agam go (dtí go) raibh sé thart, níor chualas go dtí ina dhiaidh sin é.
I always heard that. . ., chuala mé riamh go ...
Prov: Talk of angels and you will hear the flutter of their wings, tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).
We heard his answering cry, chualamar é ag glaoch ár bhfreagairt.
I was tremendously bucked up to hear the news, bhí lúcháir an tsaoil orm nuair a chuala mé an scéal.
I heard him come by, chuala mé ag dul thart é.
The case comes up for hearing to-morrow, beidh triail na cúise ar siúl amárach; beidh an chúis faoi thriail amárach.
Let us hear your complaints, déan do ghearán linn.
To hear s.o.'s confession, faoistin duine a éisteacht.
Unless you hear to the contrary, mura gcloisfidh tú a mhalairt, athrach scéil.
Abs.I hear he drinks, cloisim go mbíonn sé ag ól.
Dull hearing, spadchluasaí f.
He is dull of sight, of hearing, tá an radharc, an éisteacht, go lag, go dona, aige.
A person who is dull of hearing, duine spadchluasach.
Dul(l)ness of hearing, spadchluasaí m.
We shall never hear the end of the matter, ní bheidh deireadh go brách leis an scéal seo.
Nobody heard it except myself, níor chuala aon duine ach mé féin é.
I failed to hear that remark, d'imigh sin uaim.
He fancied he heard footsteps, shíl sé gur airigh sé coiscéimeanna.
I heard it from him, chuala mé aige é; is uaidh a chuala mé é.
From what I have heard, tar éis a bhfuil cloiste agam; óna bhfuil cloiste agam.
Until you hear further about it, go gcloisfidh tú an dara scéal faoi.
To gain a hearing, éisteacht a fháil; a chur ina luí ar dhaoine éisteacht.
I am glad to hear it, is maith liom é a chloisteáil.
It makes my heart glad to hear him, cuireann sé gliondar ar mo chroí é a chloisteáil.
If I hear of any job going, má chloisim faoi aon phost a bheith ag imeacht
He is hard of hearing, tá moill éisteachta air.
Hardness of hearing, moill f éisteachta.
Trial hearing of singer, triail f amhránaí.
Give me a hearing! tugaigí cead cainte dom!
To condemn s.o. without a hearing, duine a dhaoradh gan cead cosanta aige.
Jur: Hearing of witnesses, glacadh fianaise.
Hearing of the case, éisteacht na cúise.
He is quick of hearing, tá éisteacht mhaith aige.
Within hearing, faoi éisteacht; faoi fhad scairte (do dhuine).
Out of hearing, as éisteacht; as raon na gcluas.
It was said in my hearing, in éisteacht mo chluas a canadh é; mo dhá chluais a chuala é.
Corr: Hoping to hear from you, ag súil le scéala uait.
I imagined I heard a knock at the door, chonacthas dom gur chuala mé cnag ar an doras.
I have only just heard it, anois go díreach a chualas é.
We shall never hear the last of it, ní chloisfimid a dheireadh choíche.
To hear the lessons, na ceachtanna a éisteacht.
Let us hear the story, cloisimis an scéal; scaoil chugainn an scéal.
I never heard the like (of it), níor chuala mé riamh a leithéid.
Ye who list to hear, sibhse ar fonn, toil, libh éisteacht.
Listeners never hear good of themselves, níor chuala cluas le héisteacht aon mhaith riamh.
I was trying to make myself heard, bhí mé ag iarraidh labhairt sa chaoi go gcloisfí mé.
Many a time, many's the time, I heard it, is iomaí uair, is minic, a chualas é.