EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
mile, s. Míle m. Statute mile, English mile, míle m gallda. Irish mile, míle gaelach. Nautical mile, sea mile; míle farraige. Square mile, míle cearnach Nau: Measured mile, míle tomhaiste. F: Not a hundred miles away, (duine) nach bhfuil i bhfad uainn. I am miles from believing it, is fada uain a chreidiúint. Nobody comes within miles of him, níl goir ná gaobhar ag aon duine air.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The river is a mile across, tá an abhainn míle ar leithead.
For miles and miles, ar feadh na mílte agus na mílte.
They are a mile apart, tá siad míle ó chéile.
Towns a hundred miles apart, bailte a bhfuil céad míle eatarthu.
We are five miles away from the station, táimid cúig mhíle ón stáisiún.
(Measure, etc.) It is two miles from here to Galway, tá sé dhá mhíle as seo go Gaillimh.
Three miles distant, trí mhíle ó bhaile.
To do three miles on foot, dul trí mhíle de shiúl cos.
(Of motor car, etc.) It eats up the miles, slogann sé an bóthar; téann sé ar nós na gaoithe.
The road is lined with trees for two miles, tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí.
There is no house for a mile around, níl teach i ngiorracht míle dhúinn.
Two miles from here, dhá mhíle as seo.
It is a full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
It is full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
To go twenty miles an hour, dul fiche míle san uair.
Four hundred miles in two hours, that’s very good going, ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é.
It is two good miles away, tá sé dhá mhíle as seo go sásta.
Five miles an hour, cúig mhíle san uair.
Ten miles intervened between the two towns, bhí deich míle idir an dá bhaile.
Within a three mile limit, taobh istigh de na trí mhíle.
Two long miles, dhá mhíle fhada.
To make twenty nautical miles, dul de réir fiche míle farraige san uair.
A miss is as good as a mile, ní fearr Éire ná orlach.
Nautical mile, míle farraige.
He makes nothing of walking twenty miles, ní dada aige, ní haon chéim leis, fiche míle a shiúl.
Within a mile of, i bhfoisceacht míle de.
A mile off, míle ar shiúl; míle as seo (sin).
A mile or so, míle nó faoin tuairim sin.
Twenty miles per hour, fiche míle san uair.
Within a radius of three miles, faoi thrí mhíle timpeall.
These guns range over six miles, tá raon sé mhíle ag na gunnaí seo.
Going at the rate of twenty miles per hour, ag gabháil fiche míle san uair.
For a mile round, feadh míle ar gach taobh.
To run a mile, rith ar feadh mile.
Train running at fifty miles an hour, traein ag dul caoga míle san uair.
River that runs for 200 miles, abhainn atá dhá chéad míle ar fad.
Three times round the track, say two miles, trí huaire thart an cúrsa, dhá mhíle, abair.
He can stay three miles, tá rith trí mhíle ann.
Twenty-five miles to the gallon, cúig mhíle fhichead in aghaidh an ghalúin.
A hundred miles there and back, céad míle ann agus as.
One house to the square mile, teach in aghaidh gach míle chearnaigh.
Train travelling at sixty miles an hour, traein agus siúl seasca míle san uair fúithi.
Aut: We travelled two hundred miles in one day, rinne muid dhá chéad míle in aon lá amháin.
To trot five miles, cúig mhíle a dhéanamh de shodar.
Within two miles of the town, i ngaireacht, i bhfoisceacht, faoi, dhá mhíle don bhaile.
Within a radius of ten miles, faoi dheich míle thart timpeall.