EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
there, I adv. 1 a Ansin; (with implication of distance) ansiúd. Put it there, cuir, leag, ansin é. He is still there, (i) tá sé ann fós; (ii) tá sé ansin, ansiúd, fós. We are there, táimid ann, ag ceann scríbe. F: He is all there, níl aon néal air. He is not all there, tá easnamh (meabhrach) air. S.a. HERE 4, THEN I. 1 b I am going there, táim ag dul ann, ansin. A hundred miles there and back, céad míle ann agus as. S.a. GET II. 2 c F: (Emphatic) That man there, an fear sin ansin. Hurry up there! corraigh ort! d (Calling attention to s.o., sth.) There is John, are the children, féach thall Seán, na páistí; sin é Seán, sin iad na páistí. There's the bell ringing, sin an clog ag bualadh. 2 (Unstressed) a There is, are . . ., tá . . ., tá . . . ann. There was once a king, bhí rí ann fadó. There was singing and dancing, bhí rince agus ceol ann. There is a page missing, tá leathanach ar iarraidh. b There comes a time when . . ., bíonn amanna (ann) go . . ., nuair . . . 3 (Stressed) There you are mistaken, tá dearmad ort sa mhéid sin. There we differ, sin é an áit nach dtagaimid le chéile. F: There you have me! tá mé ceaptha ansin agat. II ► there, int. (Stressed) There now! (i) seo anois! (ii) féach air sin! There, take this book, seo, beir leat an leabhar seo. There, there, don't worry! seo anois, ná bíodh imní ort! ná bí do do bhuaireamh féin! But there, what is the good of talking! ach más ea, cad é an mhaith a bheith ag caint! III ► there, quasi-s. He left there last night, d'imigh sé as sin, d'fhág sé an áit sin, aréir. In there, (i) (motion) isteach ansin; (ii) (rest) istigh ansin.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air.
There is something uncommon about him, tá rud éigin neamhchoitianta ann.
There's something about a horse, that..., tá rud éigin ag baint le capall a...
There are about twenty of them, tá timpeall is scór acu ann.
There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh.
There is no accounting for tastes, ní lia duine ná barúil; beatha duine a thoil.
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
There is an active demand for wool, tá ráchairt mhór ar an olann.
There is something afoot, tá rud éigin ar cois.
There is mischief afoot, tá an urchóid ina suí.
There is no law against it, níl dlí ar bith á thoirmeasc.
There is something in the air, tá rud éigin ar bealach, ar cois.
There is an air of sadness everywhere, tá dreach brónach ar gach rud ann.
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
If there is any wind at all, má tá (bhíonn) smid ar bith gaoithe ann.
Aloft there! hóigh, a chrannóg!
F: There is always the workhouse, tá teach na mbocht ansin ar fad, i gcónaí.
There are few amusements here, níl mórán anseo a thógfadh cian de dhuine.
There is not such another man, níl an dara duine dá chineál ar an saol.
Another was there before me, bhí duine eile ansin romham.
Is there any Irishman who could listen to it, an bhfuil aon Éireannach beo a d'éistfeadh leis?
There are few, if any, left, níl mórán fágtha, má tá ceann ar bith.
Do you see anyone over there? an bhfeiceann tú aon duine ansin thall?
Was there anyone to meet you there? an raibh duine ar bith romhat ann?
There wasn't anyone able for him, ní raibh duine ar bith in ann aige.
There was hardly anyone, is ar éigean a bhí aon duine ann.
Is there anything more pleasant than...? cá bhfuil an rud is aoibhne ná...?
F: There is an atmosphere of vice about it, tá drochspéir os a chionn.
There was an attempt on his life, tugadh iarraidh mharfach air.
There was a good attendance at the meeting, rinneadh freastal maith ar an gcruinniú.
F: There is a rude awakening in store for him, nach as a bhainfear an mealladh, bainfear as a chleachtadh é.
There is something at the back of this, tá rud éigin taobh thiar den obair seo.
There are bags of it, tá greadadh de ann.
(Existence) God is, there is a God, tá Dia ann.
There was once a king, bhí rí ann tráth.
There are people who believe that, tá daoine a chreideann é sin.
There was once a king whose wife died, bhí rí agus cailleadh a bhean.
There was a war between them, bhí sé ina chogadh eatarthu.
There were trees both before and behind, bhí crainn ar tosach agus ar deireadh.
We were there before our time, bhíomar ann roimh ré.
There's a ring at the bell, there's the bell, siúd an clog.
There is no one to set beside him, níl aon duine atá inchomórtais leis.
There is nothing besides, níl ann ach sin.
There is no blinking the fact, níl maith bheith ag iarraidh a cheilt; níl ach amaidí dul ar chúl scéithe leis.
There is bad blood, ill blood, between them, tá seandíoltas acu dá chéile.
There is a boom in cattle, tá ráchairt mhór ar an eallach, tá an t-eallach lasta.
There is not a breath of wind, níl aon phuth gaoithe ann.
F: There is a storm brewing, tá stoirm air, tá sé ag tolgadh stoirme.
There is something brewing, tá rud éigin ar cois.
Th: There was a bumper house, bhí an teach ag cur thairis.