PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To eat two at a time, péire a ithe le chéile, ag an am (céanna).
Navy: Line abreast, i bpíce a chéile; gualainn ar ghualainn.
To abut two planks, dhá chlár a chur as bun a chéile.
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
Adjacent countries, tíortha sa chrích ag, ar theorainn, a chéile, in aice a chéile.
Book-k: To agree the books, na leabhair a chur in aontú le chéile.
Trades closely akin, ceirdeanna a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
Closely allied industries, tionscail a bhfuil dlúthbhaint le chéile acu.
To get two things apart, dhá rud a scaradh ó chéile.
It came apart, d'imigh sé as a chéile, scoith sé as a chéile.
To take a machine apart, meaisín a bhaint as a chéile.
It is difficult to tell them apart, is deacair aithint eatarthu, iad a aithint ó chéile.
They are arguing about it, tá siad ag sáraíocht ar a chéile faoi.
Arm-in-arm, uillinn ar uillinn, in uillinn a chéile.
Phil: To associate ideas, smaointe a chomhcheangal le chéile.
They assort well, is maith a oireann siad dá chéile.
To tear sth. asunder, rud a stróiceadh ó, óna, chéile.
(Of parts) To come asunder, titim as a chéile.
Back to back, le cúl a chéile.
One mistake balanced another, chomhcheartaigh na dearmaid a chéile.
It was gradually borne in upon him . . ., as a chéile cuireadh ina luí air . . .
His appearance belies him, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile.
To bestow one's hand on s.o., duine a ghlacadh mar chéile.
Bit by bit, as a chéile, de réir a chéile.
To blend colours, dathanna a chumasc le chéile.
To blend wines, fíonta a mheascadh le chéile.
The wife of his bosom, a chéile cléibh.
The bottom has fallen out of the market, tá an margadh tite as a chéile.
Subjects closely bound up with one another, ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile, ábhair atá fite fuaite le chéile.
Chance brought us together, de thaisme a casadh ar a chéile sinn.
By degrees, de réir a chéile, as a chéile.
To cast (up) figures, figiúirí a chur le chéile, a shuimiú.
Cheek by jowl, le punt a chéile.
F: To chime together, a bheith ag teacht le chéile, ag aontú le chéile.
There is nothing to choose between them, is mar a chéile iad.
He chops his words, dealaíonn sé na focail ó chéile sa chaint, bíonn a chuid cainte go snoite aige.
In chorus, as béal a chéile.
They are standing close together, tá siad ina seasamh, le taobh, le punt, a chéile.
(Of wrestlers) To come to a close, breith isteach ar a chéile.
To close the ranks, na ranganna a dhlúthú le chéile.
The closeness of their friendship, a dhlúithe a bhíodar (ina gcairde) le chéile.
The closeness of the resemblance between them was remarkable, ba cuid suntais é a chosúla a bhíodar le chéile.
They clubbed their resources (together), chuir siad a gcuid maoine le chéile.
I came to like him, thaitin sé liom de réir a chéile.
They communicated by letter, scríobhadar chuig a chéile.
F: They compared notes, chuir siad a gcuid tuairimí i gcéill dá chéile.
These errors compensate one another, cealaíonn na dearmaid seo a chéile; cúitíonn na hearráidí seo lena chéile.
To compile a catalogue, clár m a chur le chéile.
An unforeseen concourse of circumstances, cúrsaí gan choinne a theacht i dteannta a chéile.
Their interests conflict, tá siad ag teacht salach ar a chéile.