Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: agús · ague · anus · Argus · gus
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A man and a woman, fear agus bean.
They came in two at a time, tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt.
Jur: To aid and abet a person, cabhrú agus neartú le duine.
Aiding and abetting, cabhrú m agus neartú m.
Jur: Able in body and mind, slán i gcorp agus in intinn.
Jur: He was sentenced in his absence, teilgeadh é agus é as láthair.
He lived in abundance, bhí flúirse agus fairsingeacht aige; bhí saol na bhfuíoll aige.
He said in broken accents..., dúirt sé agus tocht ina ghlór ...
Accommodation for man and beast, iostas (anseo) duit féin agus do do chapall.
Fever accompanied by, with, delirium, fiabhras agus rámhaille san am céanna.
Letter and accompanying cheque, litir agus seic ina cuideachta.
To accoutre a knight, ridire a chur in earra agus in éide.
Added to which, agus chomh maith leis sin.
She was admiring herself in the glass, bhí sí ag breathnú uirthi féin sa scáthán agus aoibhneas uirthi léi féin.
Pharm: Water with an admixture of alcohol, uisce agus roinnt alcóil ann.
On and after the first of the month, ar an gcéad lá den mhí agus uaidh sin amach.
Time after time, I said it to him, dúirt mé leis é arís agus arís eile.
Again and again, time and again, arís agus arís eile.
(Then) again, (and) again, agus ina theannta sin.
He suffered agonies, fuair sé léan agus leatrom.
With his arms a-kimbo, agus a lámha ar a chorróga aige; agus péire uillinneacha air.
Alarms and excursions, callán m agus gleo m, fuadar m agus foilsceadh m.
Once for all, aon uair amháin agus an uair dheireanach.
He imagines that he is all and all to the business, sileann sé gurb é féin bun agus barr an ghnó.
F: And all, agus an chuid eile uile.
The alternate action of sun and rain, lorg na gréine agus na báistí ceann i ndiaidh an chinn eile.
Alternations of rain and sun, grian agus báisteach faoi seach.
Not one amongst them believes it, ní chreideann oiread agus aon duine amháin acu é.
His speech amounts to this, seo é bun agus barr a chuid cainte.
A knife and fork, scian agus forc.
For miles and miles, ar feadh na mílte agus na mílte.
Smaller and smaller, níos lú agus níos lú.
He was singing and dancing, bhí sé ag gabháil ceoil agus ag damhsa.
F: In his anecdotage, agus é ina sheanfhear baothchainteach.
Prov: Talk of angels and you will hear the flutter of their wings, tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).
Rowing is one thing, sailing is another, is mór idir iomramh agus seoltóireacht.
The boys and girls are kept apart, coinnítear na buachaillí agus na cailíní ó chéile.
With one's feet wide apart, agus na cosa scartha.
The house and its appendages, an teach agus a bhfuil ann, a bhfuil ag gabháil leis.
Read and approved, léadh é agus glacadh leis.
To bear, carry, arms, bheith faoi arm (agus éide); bheith ag saighdiúireacht.
Arts and crafts, ealaín agus ceird.
To have art and part in sth., bheith páirteach agus ciontach i rud.
To article s.o. to a printer, duine a chur ina phrintíseach chuig clódóir, conradh printíseachta a cheangal idir duine agus clódóir.
I shall help you as far as I can, tabharfaidh mé oiread cuidithe duit agus is féidir liom.
I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom.
Delightful as Dublin is, aoibhinn agus mar atá Baile Átha Cliath.
A is to B as C is to D, tá an cóimheas céanna idir A agus B agus atá idir C agus D.
As I live I saw him strike the blow, chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é.
He was often ill as a child, ba mhinic tinn é agus é ina leanbh.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News